Epimetheus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Epimetheus

Is saitilit congarach do Satarn í Epimetheus. Glaotar Satarn X1 air fosta. Geibheann sé a ainm ó Epimetheus a bhí ina dhearthair ag Prometheus sa mhiotaseolaíocht gréagach.

Fionnadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Epimetheus ar aon fhithis leis an saitleog Janus. Cheap réalteolaithe ar dtús nach raibh ach réad amháin san fhithis sin agus de bharr sin ba dheachair leo a gcailíochtaí a aithint. Thug Audouin Dollfus a ainm do Janus ar an 15ú mí na Nollag 1966 Ar an 18ú lá mí na Nollag bhreathnaigh Richard Walker Epimetheus ach níorbh eol dó nach Janus é. Sa bhliain 1978 i mí Deireadh Fomhar thuig Stephen Larson agus John Fountain gur dhá shaitheoga a bhí i gcéist ar aon fhithis agus mar sin aithníodh Epimetheus mar saitleog don chéad uair. Dearbhaíodh an tuiscint seo ag Voyager 1 sa bhliain 1980. Fuair Epimetheus a ainm go hoifigiúil sa bhliain 1983 agus faomhadh an t-ainm Janus ag an IAU san am céanna. Roinn Walker fionnadh Epimetheus le Larson agus Fountain.

Fithis

Fithis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Epimetheus agus Janus ar aon fhithis le chéile. Bhí Janus níos goire do Shatarn de mhéid 50 cileméadar ná tá Epimetheus sa bhliain 2006. De bharr Dlíthe Newton tá an fhithis ghearr ina fhithis níos tapaidh. Tósaíonn an dá read ag athrú fithis agus ag fanacht faoi níos mó ná 10,000 ciliméadar óna céile. Tá Janus níos troime ná Epimetheus faoi cheathair. Mar sin athraíonn an péire a bhfithis gach ceithre bhliain. Ní dhéantar a leithid seo de fhithisin áit ar bith eile sa Ghrianchóras.

Tréithe fisicí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán cráitéir ar Epimetheus a bhfuil lárlíne níos mó ná 30 ciliméadar acu mar aon le heanganna agus buaiceanna a bheag nó a mhór. Noctann seo go dócha é go bhfuil Epimetheus a lán aosta. Is feidir gur tháinig an dhá shaitleog ón tuismitheoir céanna ach más amhlaidh an cás é caithfidh gur tharla an briseadh go luath i stair córas na saitleoga. Suaithnaíonn a dhlús iseal agus a fhriothamh geal gur dócha go réad sgacach,oighreata é Epimetheus a bhfuil saibhir in oighear uisciúil.

Íomhá de Epimetheus glactha ag Cassini ar an 3ú Mí na Nollag 2007.

Fáinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

fainne lag de dheannach timpeall na fithise a bhfuil ag Janus agus Epimetheus. Síneann an fáinne go 5,000 ciliméadar on fhithis. Is cúis leis an fáinne gur pléascadh cáithníní ó dhromchlá na saitleoga de thoradh turraingí dreige agus cumadh ,mar sin, fáinne spréite timpeall a slí fithise

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]