Plé:Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ainm na hollscoile[athraigh foinse]

@TGcoa:: Creidim gurb é "Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath" an t-ainm ceart (cé go bhfuil sé beagáinín ciotach); sin atá ar fáil chuile áit ar an suíomh idirlín s'acu. Ar athraigh rud éigin? kscanne (plé) 14:00, 19 Aibreán 2023 (UTC)[reply]

@Kevin Scannell:

OK chuir mé ar ais "Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath", i bhfad níos coitianta agus in úsáid ar dcu.ie, cinnte
Roimhhe sin, rinne mé cuardahch site:.tuairisc.ie " Ollscoil Chathair Átha Cliath" ach gan na " " agus cheap mé go raibh cuma níos deise ar " Ollscoil Chathair Átha Cliath" agus tá a fhios agam go bhfuil gramadóirí ann agus is fearr leo "Átha Cliath" ina aonar sna cásanna seo
Idir an dá linn, a Chaoimhín, níl chuala.me ar Twitter beo nios mó ?!
Beir bua, Ciarán

TGcoa (plé) 21:27, 19 Aibreán 2023 (UTC)[reply]

A Chiaráin a chara — aontaím leat go bhfuil cuma níos deise ar "Átha Cliath" amháin, ach é sin ráite caithfimid cloí leis an ainm oifigiúil... go raibh maith agat as an leasú sin a dhéanamh. Maidir le chuala.me, chuir Twitter deireadh leis an API saor in aisce a bhí acu (fógra); bheadh orm go leor airgid a íoc chun an tseirbhís a choinneáil beo (mar an gcéanna le Indigenous Tweets agus botanna eile de mo chuid) — níor mhaith liom é sin a dhéanamh.
An-alt maidir le cuairt Biden ar Éirinn, dála an scéil — nár laga dia thú. kscanne (plé) 03:16, 20 Aibreán 2023 (UTC)[reply]