Plé:Isiméir

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

A Phainu, a chara,

Tuigim nach ionann an téarma isiméir agus an téarma isiméireacht! Dá bhrí sin, mholainn an leagan seo "Sa cheimic, is móilíníiain iladamhacha iad isiméirí a bhfuil foirmlí móilíneacha comhionanna acu - is é sin, an líon céanna adamh i ngach dúil - ach socruithe ar leith sa spás acu. Is é is brí leis an isiméireacht ná an feinimeán ina bhfuil an fhoirmle cheimiceach chéanna ag níos mó ná comhdhúil amháin, ach struchtúir cheimiceacha éagsúla a bheith acu." in ionad "Is é is brí leis an isiméireacht ná gur féidir le dhá chomhdhúil dhifriúla a bheith mar an gcéanna ó thaobh choibhneas na ndúl de, cé nach ionann a dtréithe ceimiceacha."

Bheadh an t-athrú seo ag teacht leis an alt i mBéarla (Isomer https://en.wikipedia.org/wiki/Isomer), cé nach mbíonn sé de nós agam a bheith ag sodar i ndiaidh na nGall! Fan sábháilte Ériugena (plé) 15:28, 28 Nollaig 2021 (UTC)[reply]

Chuir tú an Ghaeilge ar an leathanach seo ó mhaith arís eile. Ni féidir liom an chomhréir agus an ghramadach a cheartú gach uair arís. Panu Petteri Höglund (plé) 22:05, 29 Nollaig 2021 (UTC)[reply]
Mea culpa! Theastaigh uaim dul i gcomhairle leat maidir le hábhar an leathanaigh, ach is cosúil gur fearr leat maslaí a scaoileadh. Aut Panu aut nihil.. Ériugena (plé) 23:10, 29 Nollaig 2021 (UTC)[reply]
Ní masla atá i gceist ach fíorfhadhb. An chéad leagan a scríobh mé, tuigim go maith gurbh fhéidir feabhas a chur air ar go leor bealaí. An rud a tharla idir an dá linn áfach ná gur chuir tusa ábhar eile in áit na rudaí a bhí scríofa agam, seachas tuilleadh ábhair a chur leo. Anois caithfidh mé cuma cheart a chur ar an nGaeilge arís, agus tá sé i bhfad níos deacra eagarthóireacht a chur ar na rudaí a scríobh duine eile ná dea-Ghaeilge a scríobh ó scratch. Tá fiche bliain caite agam ag mionstaidéar bhéaloideas agus litríocht na gcainteoirí dúchais le Gaeilge cheart a tharraingt chugam, agus roimhe sin chaith mé cúig bliana ag staidéar ceimice san ollscoil, ach ina dhiaidh sin féin ní féidir liom bun ná barr a dhéanamh den chuid den téacs a thosaíos leis na focail "Na fiúsanna..." Is é sin, dháiríre ní thuigim ceá ná ciú de. Agus is dóigh liom nach dtuigeann aon duine eile, ach an oiread. Panu Petteri Höglund (plé) 22:05, 30 Nollaig 2021 (UTC)[reply]
Glacfaidh mé le do chomhairle ar ndóigh, agus is oth liom má chuir mé cion nó obair bhreise ort go neamhbheartaithe.
Ní raibh mé críochnathe leis an eagarthóireacht a bhi ar siúl agam agus bhí rún agam an t-alt a athléamh agus cibé ceartúcháin a dhéanamh air chun go mbeadh cáilíocht inghlactha do dhaoine eile air.
Ar ndóigh, ní raibh sé i gceist agam do chuid oibre a bhaint, ach a mhalairt.
Táim buailte leis an víreas Omicrón le seachtain anuas agus b’fhéidir nár chóir dom a bheith ag obair ar an Vicipéid ach bheith ar ais sa leaba.
Boni pastoris est tondere pecus non deglubere! Ériugena (plé) 01:18, 31 Nollaig 2021 (UTC)[reply]

File:Isomerism.svg[athraigh foinse]

A Phanu, ní raibh rún agam tú a mhaslú, tríd an íomhá seo a chur leis. Bliain Úr Mhaith! Ériugena (plé) 12:38, 4 Eanáir 2022 (UTC)[reply]