Plé:An tSeapáinis

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá roinnt scríbhneoireacht Seapáinise ar an VP (mar shampla Tóiceo), cuid de scríofa i gcló Iodáilis agus cuid de trom. Ceapaim go bhfuil sé do-léite nuair atá sé mar seo (cén ceann is so-léite dar leat: "日本語", "日本語", nó "日本語"?). An bhfuil caighdeán oifigiúil ag an VP maidir le seo? Muna bhfuil, an féidir go scríobhfar é i ngnáth-chló amach anseo? (Tá brón orm gur scríobh mé é seo ar leathanach phlé na Seapáinise; níl 'fhios agam an bhfuil aon áit eile len é a phlé.) An aontaíonn éinne eile liom? Conor O Bradaigh 15:32, 22 Iúil 2006 (UTC)[reply]


Níl sé fíor go hiomlán nach féidir le dhá chonsan teacht le chéile. Is féidir le /N/ teacht roimh consain eile, ach amháin ag tús focail. Conor O Bradaigh 14:10, 23 Iúil 2006 (UTC)[reply]

Ceart go leor, feabhsóidh mé é. Panu Petteri Höglund 15:17, 23 Iúil 2006 (UTC)[reply]


Tá súil agam go bhfuil sé níos fearr anois. Ar ndóigh, d'fhéadfainn tuilleadh mór a chur leis, de réir a chéile. :) Panu Petteri Höglund 15:28, 23 Iúil 2006 (UTC)[reply]

Rud amháin eile, is é an caighdeán ná go scríobhfar fóinéimí le /slashes/ agus fóin ("phone") le [brackets]. Athróidh mé é. Conor O Bradaigh 15:44, 23 Iúil 2006 (UTC)[reply]

An fhóinéim /n/ i Seapáinis[athraigh foinse]

“Tá an tSeapáinis réasúnta gann sna fóinéimí, agus níl sé ceadaithe consain a chur in aice le chéile ach amháin taobh istigh den fhocal, agus ar an acht go bhfuil an fhóinéim /n/ ar ceann de na consain atá i gceist.”

Cad is brí leis sin? Má chiallíonn sé nach bhfuil sé ceadaithe chun tús nó deireadh a chur ar fhocail Seapáinise leis an bhfóinéim /n/, níl sé sin fíor. Tá dhá shórt 'n' le fáil i Seapáinis, an céad sórt - /n/ - atá in ann tús a chur ar shiollaí (agus sna cásanna sin, caithfear guta a bheith ina dhiadh), agus /ɴ/, atá le fáil ar dheireadh na siollaí i gcónaí. Mar sin, is féidir focal amháin /n/ a bheith aige i dtús agus /ɴ/ a bheith aige ina dheireadh, agus /n/ agus/nó /ɴ/ a bheith aige taobh istigh an fhocail.