Pink (Amhránaí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pink
P!nk Live 2013.jpg
Ainm breithe Alecia Beth Moore
Rugadh 8 Meán Fómhair 1979
  Doylestown, Pennsylvania
Náisiúntacht Meiriceánach
Gairm Ceoltóir, aisteoir
Seánra(í) ceoil Pop-cheol, Rac-cheol
Gníomhach 1995 – anois
Lipéad/lipéid LaFace, Arista, JIVE, RCA
Suíomh gréasáin www.pinkspage.com

Is amhránaí comhaimseartha Meiriceánach í PinkP!nk. Rugadh mar Alecia Beth Moore i nDoylestown, Pennsylvania í ar an 8 Meán Fómhair 1979.

A Saol[athraigh | athraigh vicithéacs]

De oidhreacht Ghiúdach ab ea a máthair agus de bhunadh Gaelach, Gearmánach agus Liotuánach a hathair. Thóg sí an t-ainm gairmiúil Pink, dár léi fhéin, mar gheall ar an éascacht is a thagadh spléachadh uirthi de bhárr náire ina hóige. Scar a tuismitheoirí is í in aois a seacht mbliana agus chuaigh an bhaint idir í fhéin agus a máthair in olcais ó shin. An toradh a bhí ar seo ná gur fhág sí teach a máthar in aois cúig bliana déag di. Tar éis seo bhí caidreamh níos fearr aici lena hathair. Thart fán am seo thosaigh sí ag baint úsáid as drugaí mídhleathacha, ach tar éis tamaill bhig thug sí a cúl dóibh. Is fán tréimhse seo atá a hamhrán Family Portrait. Phós sí Carey Hart sa bhliain 2006. Saolaíodh iníon dóibh ar an 3 Meitheamh 2011 agus ghlaoi siad Willow uirthi. Tá dlúthbhaint aici leis an eagraíocht PETA a fheidhmíonn ar son leasa ainmhithe.

A Saothar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sheol sí a céad dlúthdhiosca, Can't Take Me Home, sa bhliain 2000. Seoladh an tarna dlúthdhiosca M!ssundaztood sa bhliain 2001 agus bhí an-rath air. Ní raibh toradh chomh hiontach leis an céad dlúthdhiosca eile Try This (2003). Thóg sí sos ansin go dtí gur sheol sí I'm Not Dead sa bhliain 2006 agus bhí an-tóir ar an dlúthdhiosca seo ar fud an domhain. Tá fiche trí mhilliún dlúthdhioscanna díolta aici go dtí seo.

Dioscliosta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Albaim Stúideo
Albaim Tiomsú
  • Missundaztood / Can't Take Me Home (2005)
  • Pink Box (2007)
  • Greatest Hits... So Far!!! (2010)
  • The Album Collection (2011)

Camchuairteanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Naisc Sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]


CEOL
Is síol ceol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.