Doylestown, Pennsylvania

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDoylestown, Pennsylvania

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 40°18′46″N 75°07′44″W / 40.3128°N 75.1289°W / 40.3128; -75.1289
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaithePennsylvania
County of Pennsylvania (en) AistrighContae Bucks Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán8,300 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,484.79 hab./km²
Líon na dteaghlach3,911 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla2.16 mi² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce0.0884 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde139 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1745
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisNoni (Elnora) West (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Glaochód215 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáindoylestownborough.net Cuir in eagar ar Wikidata
Músaem Mercer
Pictiúrlann i stíl Art Deco sa cheantar stairiúil

Baile in oirthear Phennsylvania, sna Stáit Aontaithe, is ea Doylestown. Príomhbhaile Chontae Bucks atá ann. Bhí cónaí ar 8,380 duine in Doylestown ag am dhaonáireamh na bliana 2010.

Téann fréamhacha Doylestown siar go dtí an bhliain 1745 nuair a fuair Doyle ceadúnas teach tábhairne a oscailt ag crosbhóthar tábhachtach ann. Spreag an suíomh sin fás an bhaile agus rinneadh buirg de sa bhliain 1838. Ní raibh mórán tionsclaíochta ariamh ann, ach mar gheall ar a stádas mar phríomhbhaile riaracháin an chontae, chuir a lán daoine proifisiúnta fúthu ann, agus le himeacht ama rinne roinnt ealaíontóirí agus scríbhneoirí amhlaidh freisin. Orthu sin bhí Harry Chapman Mercer (1856–1930), ceardaí agus seandálaí. D’fhás Margaret Mead (1901–1978), antraipeolaí, agus James A. Michener (1907–1997), údar bisiúil, aníos i Doylestown.

Tá baint ag roinnt áiteanna stairiúla ar an mbaile le Mercer, mar atá Músaem Mercer, Fonthill (teach Harry Mercer), agus an Moravian Pottery and Tile Works (músaem agus ceardlann a bhunaigh sé). Tá Scrín Náisiúnta Mhuire Czestochowa, baisleach mhór Pholannach, lámh le Doylestown.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]