Jump to content

Cairdín pianó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Pianóchairdín)
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilCairdín pianó
Cineálcairdín
Nóta is íslesol (en) Aistrigh
Nóta is airdeE (en) Aistrigh

Is éard is cairdín pianó, nó pianóchairdín, ann ná gléas ceoil, saghas aerafóin.[1] Níl uirlis cheoil is mó a thugann cultúr agus ambiance na Fraince chun cuimhne dúinn ná an pianóchairdín.[2]

Gléas costasach agus casta atá ann: tógann sé 110 uair an chloig cairdín pianó amháin a chruthú. Sé mhíle ‘páirt’ a chaitear a chur le chéile chun idir 70 agus 80 uirlis a dhéanamh gach mí.[2]

Pianóchairdín i Lios na gCearrbhach

Uirlis é an pianóchairdín ná téann siar chomh fada sin i stair cheol sráide na Fraince. Tháinig an pianóchairdín nua aimseartha ar an bhfód sa 19ú céad sa Fhrainc (Bouton in 1852).[3] Roimhe sin de réir dealraimh ba iad an cabrette agus an vielle à roue, an phíob agus an hurdaí-gurdaí a bhíodh i réim, uirlisí a bhí deacair a choimeád i dtiúin. Níorbh amhlaidh don bpianóchairdin, fanann i dtiúin i gcónaí nach mór toisc na feagacha a bheith déanta as cruach-iarann.[2]

Bunaíodh an comhlacht Maugein sa bhliain 1919 san Aurillac (Tulle) sa Fhrainc.[4] Sna 1930idí, bhí níos mó na 20 fostaithe acu i seanmhonarcha mhunisean. Tar éis an dara cogadh domhanda, bhí ard-éileamh ar an bpianóchairdín nuair a bhí ceol jazz agus swing i mbarr a réime. Ach thosnaigh an tuile san ag trá sna 1970idí, agus buaileadh Maugein go dona sna 2020idí de dheasca tubaiste Covid, agus iomaíocht ó uirlisí i bhfad níos saoire atá á gcur ar an margadh ag na Sínigh.[2]

Alan Kelly a sheinneann le Eddie Reader go minic

Ceol traidisiúnta na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní rómhór an meas atá ag ceoltóirí traidisiúnta na hÉireann ar an bpianóchairdín. I dtús báire, tá an gléas thar a bheith costasach (EUR 5.000-12,000). Ina theannta sin, ar chuma éigin meastar nach bhfuil an ton ceart aige ná é chomh solúbtha céanna leis na nótaí agus atá cairdín na gcnaipí ná an mileoidean. Chomhairfeá ar aon láimh amháin na ceoltóirí cumasacha traidisiúnta Éireannacha a sheinneann é, leithéidí Martin Tourish leis an ngrúpa Altan agus fear Mhaigh Eo, Alan Kelly a sheinneann le Eddie Reader go minic.[2]

  • Bhí Giscard d’Estaing oilte ar an bpianóchairdín, agus bhain sé lán-úsáid as a scil i gcúrsaí cumarsáide, agus féinphoiblíochta. Sheinn sé duet le Yvette Horner, Banríon an Chairdín ag féile idirnáisiúnta ceoil, uair dá raibh. ‘Dá seinnfeadh gach aon pholaiteoir an pianóchairdín,’ a dúirt d'Estaing ‘réiteoimis go léir i bhfad níos fearr lena chéile.’[5]
  • Ceoltóir clúiteach pianóchairdín sa 20ú haois in Éirinn ba ea Micheál Ó hEIDHIN (1938–2012),[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, piano accordion
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Seosaimhín Ní Bheaglaoich (5 Nollaig 2024). "Dá seinnfeadh gach aon pholaiteoir an pianóchairdín…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-06.
  3. Hussey, Matt (2011). "Consairtín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 169.
  4. "L'histoire de la manufacture" (fr-FR). Accordéons Maugein. Dáta rochtana: 2024-12-06.
  5. Seosaimhín Ní Bheaglaoich (5 Nollaig 2024). "Dá seinnfeadh gach aon pholaiteoir an pianóchairdín…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-06.
  6. "Ó hEIDHIN, Micheál (1938–2012)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2024-12-06.