Jump to content

Micheál Ó hEidhin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMicheál Ó hEidhin
Beathaisnéis
Breith20 Márta 1938
Bás29 Eanáir 2012
73 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir tíre Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge


Musicbrainz: 71013022-37a2-4210-b5d2-ca51fac61654 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceoltóir, múinteoir, agus cigire ceoil i scoileanna na hÉireann, ab ea Mícheál Ó hEidhin (a rugadh i gConamara ar an 20 Márta 1938 agus a fuair bás ar an 29 Eanáir 2012).[1] Bhí ról ceannródaíoch aige i bhforbairt chlár oideachais CCÉ agus bhí sé páirteach i gcruthú siollabais nua do cheoltóirí óga, comhthionscadal idir Comhaltas agus Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann.[2]

Is sna Doiriú, Ros a Mhíl. a rugadh Micheál, i dteaghlach ceolmha, do Mháire McGann as ceantar Thuama agus Pádraig Ó hEidhin as Inis Díomáin, Co. an Chláir. Múinteoirí bunscoile a bhí sa mbeirt acu agus bhí cúigear ar fad sa gcomhluadar acu: Micheál, a dheartháir, Séamus, agus na cailíní: Marie, Norita agus Ann. Nuair a rinneadh cigire scoile de Phádraig, bhog an chlann go Leitir Ceanainn ar feadh roinnt blianta sular fhill siad ar Ghaillimh. Chaith Micheál tamall ina dhalta i nGaoth Dobhair leis an múinteoir clúiteach Seán 'ac Fhionnlaoich as Gabhla.[3]

Is le heolaíocht a chuaigh Micheál tar éis dó an mheánscoil a fhágáil. Fuair sé céim san eolaíocht. Bhunaigh sé a chéad bhanna ceoil, Banna Céilí Loch Lurgan, nuair a bhí sé ina mhac léinn in Ollscoil na Gaillimhe.

Bhog sé go Corcaigh nuair a fuair sé scoláireacht cheoil. Rinne sé staidéar ar an cheol i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh faoin ollamh Aloys Fleishmann, bhí Pilip Ó Laoghaire aige mar mhúinteoir córacha. Thosaigh sé ag casadh le Banna Céilí Bhrosna, banna a raibh an-cháil air.

D’fhill sé ar Ghaillimh agus thosaigh sé ag obair mar thimire ceoil don Choiste Gairmoideachais. Bhunaigh sé cóir, grúpaí ceoil agus ranganna ceoil thraidisiúnta agus tar éis píosa ceapadh mar chigire ceoil é leis an Roinn Oideachais. D’oibrigh sé i mBaile Átha Cliath, i Sligeach agus faoi dheireadh i nGaillimh.  

Ceoltóir clúiteach pianóchairdín ba ea é. D’aistrigh sé ón bpianóchairdín go dtí an consairtín agus é anonn sna blianta tar éis dó fadhbanna a bheith aige lena dhroim. Chas sé leis an Loch Lurgan Céilí Band agus é ina mhac léinn i nGaillimh agus bhí sé sa Brosna Céilí Band le linn dó a bheith i gCorcaigh. Bhunaigh sé The Connemara Quartet sna seascaidí a bhfuil ceol dá chuid le cloisteáil ar an gceirnín cáiliúil, The Rambles of Kitty, an chéad taifeadadh a d’fhoilsigh Comhaltas Ceoltóirí Éireann.[4] Chum sé ceol don stáitse agus don teilifís. Bhunaigh sé Cór Fhéile na Gaeltachta 1970, féile a lean ar aghaidh gur éirigh sé as an gcigireacht in 2001.[2]

Bhí aithne go forleathan air mar scothmhúinteoir ceoil Chuir sé tús le dioplóma teagaisc Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa bhliain 1980. Ba é a d’fhorbair an Teastas i dTeagasc Ceolta Tíre (TTCT) faoi choimirce ChCÉ in 1980, cúrsa atá á reáchtáil i gcónaí.[5] Spreag sé siollabas sa cheol traidisiúnta do Chomhaltas agus d'Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann i 1998.

Bhí sé ina stiúrthóir ceoil le RTÉ agus ina mholtóir i gcomórtais Oireachtais agus Slógadh ó 1969 ar aghaidh. Anuas air sin, bhí sé ina stiúrthóir ar roinnt cláir cheoil ar RTÉ, leithéidí Guth na nÓg, In Song and Story, agus Bring Down the Lamp. Chaith sé tréimhsí ag obair le Raidió na Gaeltachta sna luathbhlianta. Bhí sraith chlúiteach aige ar Raidió na Gaeltachta sna 1970idí, ‘Sí do Mhamó í’.

Bhí sé pósta agus seisear clainne air. I mBaile Ard an Spidéil a thóg Micheál agus a bhean, Máire Ní Oibicín, a gclann cheolmhar: Niamh, Rónán, Séamus, Fionnuala, Méadhbh agus Dara.[1]

Tá ceol dá chuid le cloisteáil ar an gceirnín cáiliúil, The Rambles of Kitty (1967), an chéad taifeadadh a d’fhoilsigh Comhaltas Ceoltóirí Éireann.[4]

In 2011 d’eisigh sé an t-albam Ceol Sidhe i gcomhar le Charlie Lennon agus Steve Cooney. Meascán de cheol nua-chumtha agus foinn thraidisúnta a bhí ann.

  • Cas Amhrán, bailiúchán ina bhfuil 120 d’amhráin mhóra na Gaeilge, idir fhocail agus cheol, as gach cearn den tír. Is beag scoil, rang ceoil ná coláiste samhraidh leis na scórtha bliain nach bhfuil an leabhar sin á úsáid acu.[3]
  • Amhrán do Choláistí
  • Ceol don Chor
  • Déan Rince
  1. 1.0 1.1 "Condolence Book for Micheál Ó hEidhin (Spiddal, Galway) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-12-07.
  2. 2.0 2.1 Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó hEIDHIN, Micheál (1938–2012) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  3. 3.0 3.1 "Micheál Ó hEidhin" (en-IE). Taisce Chois Fharraige. Dáta rochtana: 2024-12-07.
  4. 4.0 4.1 "Rambles of Kitty Introduction" (en-GB). https://comhaltas.ie/. Dáta rochtana: 2024-12-07.
  5. "TTCT - Teacher Training - Comhaltas Ceoltóirí Éireann" (en-GB). https://comhaltas.ie/. Dáta rochtana: 2024-12-07.
  6. "Ó hEidhin Award" (en-US). Scrúdú Ceol Tíre. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-12-07. Dáta rochtana: 2024-12-07.