Phillis Wheatley
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | c. 1753 Senegambia |
| Bás | 5 Nollaig 1784 30/31 bliana d'aois Bostún, Massachusetts |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Neamhoird seoil) |
| Áit adhlactha | Copp's Hill Burying Ground (en) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Grúpa eitneach | Meiriceánaigh Afracacha |
| Reiligiún | An Eaglais Chomhthionólach |
| Áit chónaithe | Bostún |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Filíocht |
| Gairm | file, scríbhneoir |
| Tréimhse ama | American Revolution (en) |
| Tréimhse oibre | 1767 – |
| Teangacha | Béarla, an Ghréigis agus an Laidin |
| Saothar | |
Saothar suntasach | |
| Suíomh a chartlainne | |
File Meiriceánach ab ea Phillis Wheatley (t. 1753 – 5 Nollaig 1784). An chéad duine Afrai-Mheiriceánach ar foilsíodh a saothar liteartha a bhí inti.
Rugadh Whearley timpeall na bliana 1753 san Afraic Thiar. Rinneadh sclábhaí di ina aois a 7 mbliana agus cuireadh go Meiriceá í. I mBostún, Massachusetts, cheannaigh ceannaí darbh ainm John Wheatley í mar shearbhónta dá bhean chéile. San áit agus san am úd ba ghnách sloinne a úinéara a thabhairt ar sclábhaí sa chás go raibh sloinne ag teastáil. Phillis a tugadh uirthi i mBéarla mar tugadh go Meiriceá í i long darbh ainm an Phillis.
Thug iníon an teaghlaigh ceachtanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta di. Nuair a thuig an teaghlach a chliste agus a bhí sí, tugadh tuilleadh oideachais di. Rinne sí staidéar ar an nGréigis agus Eabhrais.
Fuair sí a saoirse ar bhás John Wheatley. Phós sí agus rug sí leanbh. Cuireadh a fear céile, John Peters, i bpríosún de bharr a chuid fiacha. D'éirigh Phillis tinn agus John sa phríosún, agus d'éag sí. Fuair a leanbh bás trí huaire go leith ina dhiaidh sin.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
