Peter Charleton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPeter Charleton
Beathaisnéis
Breith27 Márta 1956
68 bliana d'aois
Caisleán Cnucha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata

Breitheamh is ea Peter Charleton (a rugadh ar 27 Márta 1956), ceaptha ar an gCúirt Uachtarach i mí Iúil 2014.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as Baile Átha Cliath dó

Chuir Charleton tús lena chleachtas ag an mBarra i 1979 agus bhain sé céim amach i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1980. 

Ó 1986 go 1988 bhí Charleton mar léachtóir i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. I 1995, glaodh chun barra sinsear é.

Ón bhliain 2002, d'oibrigh sé mar abhcóide ag an Bhinse Fiosrúcháin Morris (fiosrúchán reachtúil bainteach le caimiléireacht sa Gharda Síochána).

Ceapadh Charleton mar Bhreitheamh den Ard-Chúirt sa bhliain 2006. Bhí cúram air, go príomhá, maidir leis an liosta tráchtála.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh ailt scríofa ag Charleton in iomaí iris, ina measc, An Iris Idirnáisiúnta um Dlí agus Teaghlaigh, Bliainiris An Coimisiúin Idirnáisiúnta Dlí-Eolaithe, Dlí agus Polasaithe um Maoine Intleachtúla, An Irish um Dlí Coiriúil, An tAthbhreithniú um na Barra, Irish an Institiúid um Staidéar Breithiúnach na hÉireann, An Iris um Dlí na hÉireann, Iris Cumann Dlí na hÉireann agus An Iris um Dlí Coiriúil na hÉireann.

Scríobh Charleton an-chuid ar an dlí coiriúil, mar shampla Irish Criminal Law (1999, Butterworths, le McDermott agus Bolger), agus leabhar ag déanamh anailís ar féinscrios an chine dhaonna, Lies in a Mirror: An Essay on Evil and Deceit (Blackhall Publishing, 2006). Chuir sé páipéir i láthair ag comhdhálacha, ina measc, Le Colloque Franco Brittanique Irlandais i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath, Ollscoil Fordham, Nua-Eabhrac, agus Ollscoil na hEolaíochta Polaitiúla agus Dlí i Beijing, agus, go seachtrach, do Scoil Dlí Fordham, Scoil Dlí Chicago-Kent, Ollscoil Washington agus L'Institut national des hautes études de la sécurité et de la justice.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]