Peotar Stóilípin
Státaire Rúiseach ab ea Peotar Arkadjewitsch Stóilípin (Rúisis: Пётр Арка́дьевич Столы́пин Pëtr Arkad'evič Stolypin; 14 Aibreán 1862–18 Meán Fómhair 1911). Ba é an tríú príomh-aire agus ina aire gnóthaí baile ar Impireacht na Rúise ó 1906 go dtí 1911. Ar a dtugtar an leasaitheoir is mó ar shochaí agus ar gheilleagar na Rúise, tháinogh fás gan fasach ar stát na Rúise mar gheall ar a leasuithe, rud ar chuir a fheallmharú stop leis.
Rugadh Stóilípin in nDresden, i Ríocht na Sacsaine, do theaghlach uasaicmeach Rúiseach mór le rá, agus bhí baint ag Stóilípin leis an rialtas óna luathfhichidí. Bhí ardú céime gasta mar thoradh ar na héachtaí sa tseirbhís phoiblí, rud a d’fhág gur ceapadh ina aire é faoin bpríomh-aire Ivan Goremykin in Aibreán 1906. I mí Iúil, d’éirigh Goremykin as agus tháinig Stolypin i gcomharbas air mar phríomh-aire.
Mar phríomh-aire, chuir Stóilípin tús le scéimeanna móra athdháilte talún, ar a dtugtar athchóiriú Stóilípin, a dheonaigh ceart úinéireachta talún príobháidí don tuathánach. Bhí a thréimhse oifige marcáilte freisin ag corraíl réabhlóideach mhéadaithe, a d'fhreagair sé le córas nua dlí míleata a cheadaigh do choirpigh cúisithe a ghabháil, a thriail go tapa agus a chur chun báis. Tar éis roinnt iarrachtaí feallmharaithe roimhe seo, lámhachadh Stóilípin go marfach i mí Mheán Fómhair 1911 ag an réabhlóidí Dmitrii Bogrov i gCív.
Monarcaí ab ea Stóilípin agus bhí súil aige an ríchathaoir a neartú trí gheilleagar tuaithe na Rúise a nuachóiriú. Ba iad an nua-aoiseacht agus an éifeachtúlacht, seachas an daonlathas, na spriocanna a bhí aige. D’áitigh sé go bhféadfaí ceist na talún a réiteach agus an réabhlóid a sheachaint, ach amháin nuair a cuireadh deireadh leis an gcomún (Rúisis:мир mir) tuathánach agus niair a bhí aicme sheasmhach talún ag na tuathánaigh, agus nuair a bhain na gculacaigh leas as an status quo. Bhí a chuid rath agus a theipeanna ina n-ábhar conspóide te i measc scoláirí, a d'aontaigh go raibh sé ar dhuine de na státairí móra deireanacha de chuid na Rúise Impiriúla le beartais athchóirithe poiblí a bhí ciallmhar ciallmhar agus láidir.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Abraham Ascher, P. A. Stolypin: The Search for Stability in Late Imperial Russia (2001).