Penneys
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | bríce agus moirtéal clothing store chain (en) gnó | ||||
| Foirm dlí | Teoranta | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 1969, Baile Átha Cliath | ||||
| Bunaitheoir(í) | Arthur Ryan | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Táirge | éadaí | ||||
| Ball de | Ethical Trading Initiative (en) Accord on Fire and Building Safety in Bangladesh (en) Bündnis für nachhaltige Textilien (2016–) | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Paul Marchant (en) Arthur Ryan (–2009) | ||||
| Líon fostaithe | 78,000 (2019) | ||||
| Máthaireagraíocht | Associated British Foods | ||||
| Úinéir | Associated British Foods | ||||
| Úinéir de | |||||
| Suíomh gréasáin | primark.com… | ||||
Is miondíoltóir Éireannach agus comhlacht ilnáisiúnta é Penneys, nó Primark mar a thugtar air i Sasana agus tíortha eile (níl gaol ar bith ann le J. C. Penney sna Stáit Aontaithe; is trádmharc cláraithe é "Penney" ag J. C. Penney lasmuigh d'Éirinn).
Díolann Penneys éadaí agus sa bhliain 2018, bhí 36 siopa Penneys in Éirinn, agus breis is 70,000 duine á bhfostú acu timpeall ag Primark an domhain.[1]
Tá an cheanncheathrú i mBaile Átha Cliath agus i Reading, Sasana.


Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Osclaíodh an chéad siopa ar Shráid Mháire, i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 1969. D'oscail Arthur Ryan agus Micaela Mitchell é.
Cheannaigh an comhlacht siopaí ó C&A i Sasana, agus d'athraigh siad an t-ainm go Primark. Is é an t-ainm a úsáidtear in Éirinn i gcónaí ná "Penneys".
Sa bhliain 2005, cheannaigh an comhlacht na siopaí LittleWoods, i Sasana.
Sa bhliain 2006, d'oscail siad an chéad shiopa sa Spáinn.
Monarcha éadaí sa Bhanglaidéis ba ea Rana Plaza, a thit as a chéile ar an 24 Aibreán 2013. Maraíodh 1,134 duine. Thug Primark i mBaile Átha Cliath timpeall 10 milliún euro mar chúiteamh in 2014.[2]
In 2023, seoladh suíomh idirlín Penneys do shiopadóirí Éireannacha.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "About Us | Penneys". www.primark.com. Dáta rochtana: 2023-01-18.
- ↑ "Ranaplaza Arrangement". ranaplaza-arrangement.org. Dáta rochtana: 2025-04-24.
- ↑ "Suíomh idirlín Penneys do hÉireann. le brabhsáil amháin" (en-GB) (2023-01-18). Dáta rochtana: 2023-01-18.