Pengő

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí AirgeadPengő

Cuir in eagar ar Wikidata
Críocha infheidhme
Ríocht na hUngáire (1 Eanáir 1927 - 1 Feabhra 1946)
Republic of Hungary (en) Aistrigh (1 Feabhra 1946 - 31 Iúil 1946) Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Banc ceannaisHungarian National Bank (en) Aistrigh

forint (en) Aistrigh agus Hungarian adópengő (en) Aistrigh

B'iarairgeadra Ungárach é an pengő a bhí in úsáid idir 21 Eanáir 1927 agus 31 Iúil 1946 nuair a d'éisíodh an forint ina áit tar éis tréimhse hipearbhoilscithe. Bhí 100 fillér sa phengő.

Tosach[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh an Chéad Chogaidh Dhomhanda bhí ard-ráta boilscithe ar an krone Ostra-Ungárach (korona san Ungáiris .i. 'coróin'). Laistigh den Ungáir éisíodh airgead nua, an pengő, agus luach 12,500 krone air. Sainníodh luach an phengő mar seo: b'fhiú cileagram óir an méid 3,800 pengő. Níor éisíodh pengő óir áfach, mar a rinneadh i gcás an krone.

Deireadh an phengő[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaill an pengő cuid mhór a luacha tar éis an Dara Chogadh Domhanda agus ba shin an ráta hipearbhoilscithe is airde a thaifeadadh riamh. Athluacháladh an pengő ach níor stop an hipearbhoilsciú agus fad is go raibh na praghsanna ag ardú gan stop ná stad, éisíodh airgead i luacha níos airde fós gur shroicheadh luach seisilliún (míle billiún billiún, 1021) pengő (íomhá). Priontáladh an luach seo ach níor éisíodh é. Is é an luach airgid is airde a bhí in úsáid ná 100 billiún billiún (100 cuintilliún, 1020) pengő (íomhá).

Níor féidir an geilleagar Ungárach a dhaigniú ach trí cruthú airigid nua agus mar sin, cruthaíodh an forint ar luach 400 ochtailliún (400 billiún billiún billiún, 4×1029) pengő ar 1 Lúnasa 1946.