Peitreolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar charraigeacha, a gcomhdhéanamh, a mianreolaíocht, a modh tarlaithe is a mbunús. Tagann carraigeolaíocht dríodair, dhoigheartha is mheiteamorfach san áireamh. Baineann peitreagrafaíocht le cur síos ar chomhdhéanamh na gcarraigeacha go minic mar a fheictear iad i bhfoirm slisní tanaí le micreascóip optúla, agus baineann peitrigineas lena mbunús.