Peipsin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Einsím díleáite atá i láthair i súlach gastrach na veirteabrach, a dhíleánn an phróitéin sa chothú ina polaipeiptídí d'fhaid éagsúla. Táltar isteach i gcuas an ghoile í i bhfoirm na pró-einsíme neamhghníomhaí, peipsinigin, agus gníomhachtaítear í seo ina peipsin ag an aigéad hidreaclórach (HCl) sa súlach gastrach. Bíonn sí gníomhach i dtimpeallacht aigéadach seo an ghoile. Fuarthas 7 bpeipsin ghaolmhar sa duine.