Súlach gastrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Meascán substaintí a tháltar ag cealla is faireoga taobh istigh den ghoile. Bíonn aigéad hidreaclórach (ó chealla pairiatacha) ann, peipsinigin (ó phríomhchealla), múcas is fachtóir intreach (ó chealla múcasacha). Is féidir go gcuirfidh tál iomarcach aigéid hidreaclóraigh is peipsinigine tús le hothrais. Muna féidir dóthain fachtóra intrigh a thál, féadfaidh anaemacht mharfach tarlú.