Peil Mheiriceánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Peile Meiriceánaí)
Infotaula d'esportPeil Mheiriceánach
Cineálpeil Mheiriceá Thuaidh
Tír dhúchaisStáit Aontaithe Mheiriceá
Líon uasta imreoirí22
Fad ama60 min agus 48 min
Cluiche peile: Pro Bowl na bliana 2006

Cineál spóirt í an pheil Mheiriceánach ina bhfuil dhá fhoireann imreoirí ag imirt in aghaidh a chéile taobh istigh den pháirc imeartha. An fhoireann is mó a scórálfaidh pointí, is léi a bheidh an bua. Tá aon imreoir déag ar aon fhoireann amháin.

Faightear scór nuair a chuireann foireann an liathróid thar an gcúl nó isteach sa limistéar deireanach. Bíonn cead ag na himreoirí an liathróid a iompar, a chaitheamh nó a chiceáil.

Tá an pheil Mheiriceánach i bhfad níos coitianta i Meiriceá ná i dtír ar bith eile. Sna Stáit Aontaithe, is í an pheil ghairmiúil agus peil na gcoláistí na saghsanna peile Meiriceánaigh is coitianta. Tá cineál peile le fáil i gCeanada atá an-chosúil leis an bpeil Mheiriceánach. Peil Cheanadach a thugtar ar an spórt sin.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó na 1960 ar aghaidh, is í an pheil an spórt is mó i SAM. Glacann 32 foireann páirt sa National Football League (NFL). Is é an Super Bowl an cluiche ceannais. Eachtra mór agus tábhachtach is ea Domhnach an Super Bowl i mí Eanáir, nó mí Fheabhra gach bliain.

Bíonn an cluiche an-choitianta sna coláistí agus na hollscoileanna chomh maith, go háirithe sna h-áiteanna nach bhfuil foireann gairmiúil le fáil. Bíonn foireann peile ag beagnach gach ardscoil sa tír freisin agus tá an-tóir ar an spórt ar an leibhéal seo ina lán áiteanna i lár na tíre.

Rialacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Páirc imeartha agus imreoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar "gridiron" ar an bpáirc go minic os rud é go bpéinteáilítear línte uirthi atá cosúil le greille. Is dronuilleog í an pháirc, 110m i bhfad (ó chríochlíne amháin go críochlíne eile) agus 49m i leithead (ó thaobhlíne amháin go dtí an taobhlíne eile). Is ag deireadh na páirce atá an cúl líne, agus ansin an limistéar deireanach, atá 10m i leithead. Is é an limistéar deireanach an áit ina bhfuil na pointí le fáil.

Tá líne ar an talamh tar éis gach cúig shlat, agus tá uimhreacha orthu ón gcúl líne go dtí an líne caoga slat, i lár na páirce. Ag deireadh an chúil, tá dhá chuaille atá 18.5 throigh óna chéile, agus trasnán atá 10 troigh in airde. Déantar pointí nuair a chuirtear an liathróid thar an trasnán agus, ar ndóigh idir na cúilí.(Tá an trasnán seo agus na cúilí seo an-chósúil leis na cinn a úsáidtear sa Rugbaí agus i bpeil na hÉireannPeil Ghaelach na mBan).


Bíonn 11 imreoirí ar an pháirc ag an dá fhoireann ag aon am amháin. Is féidir leis na himreoirí athrú áfach, nuair a bhíonn sos sa chluiche. Sa spórt seo, tá páirteanna áirithe ag gach imreoir, agus úsáidtear iad i suíomhanna áirithe. Mar thoradh, tá 53 imreoirí i ngach scuaid, agus tá trí shaghas imireora - ionsaí, cosaint agus foirne speisialta.

Fad an chluiche[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceathrúin de 15 nóiméad i ngach cluiche, agus tá leath-ama ag deireadh an 2ra tréimhse. Nuair a bhíonn sos sa chluiche, ní úsáidtear aon am. Mar thoradh, cé nach bhfuil ach uair amháin sa chluiche go h-oifigiúil, i ndáiríre bíonn an chluiche ar siúl ar feadh trí huaire. Dá mbeadh comhscór ag deireadh an chluiche nó ag lán ama, bíonn 15 nóiméad tréimse breise arís. Is iad na buaiteoirí an fhoireann a ghnóthaíonn an chéad scóir sa tréimse seo.

Ag bogadh na liathróide[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceithre deiseanna (nó “downs”, mar a thugtar orthu) chun 10 slat a dhéanamh. Faightear ceithre dheiseanna nua nuair a dhéanann an fhoireann 10 slat, nó chailleann siad an liathróid don fhoireann eile. Nuair a thosaíonn an fhoireann ag imirt ar dtús, deirtear go bhfuil “First down and ten” aige, an chéad deis agus 10 slat le déanamh. Mar shampla, mura ndéanann an fhoireann ach 2 slat, deirtear go bhfuil “Second down and eight” aige, agus an dara deis acu le 8 slat a bhaint amach. Nuair a bhíonn an fhoireann 10 slat ón gcúl line, deirtear go bhfuil “First down and goal” acu, níl an slat tábhachtach anois, mar tá siad ag an gcúl líne.

Tosnaíonn an cluiche le cic ó fhoireann amháin i dtreo chúl líne na foirne eile. Faigheann imreoir éigean greim ar an liathróid agus ritheann sé ar ais i dtreo an chúil líne eile. Bíonn an fhoireann eile ag iarraidh é a stopadh, mar tá seans aige rith díreach isteach san limistéar deireanach, nó chomh gar don limistéar deireanach agus is féidir. Nuair a chuirtear é chun urlár, tosnaíonn a fhoireann ón áit seo, agus tá ceithre “down” acu chun 10 slat a dhéanamh.

Déanann na foirne líne i gcoinne le chéile. Is í an fhoireann a bhfuil an liathróid acu an ionsaí, agus an fhoireann eile an chosaint. Tosaíonn an cluiche arís nuair a chuireann imreoirí ón bhfoireann atá ag ionsú an liathróid tríd a chosa agus ar ais don phríomhimreoir, an Quarterback (QB). Tá cúpla roghanna aige chun an liathróid a bhogadh:

Ag rith leis an liathróid
  • Ag rith leis an liathróid: (“rushing”). Is féidir leis an QB féin rith leis an liathroid, nó é a thabhairt d'imreoir eile (“handoff”). Is é an Running Back (RB) an príomh-imreoir a ritheann leis an liathróid.
  • Ag caitheamh na liathróíde: (“passing”). Is féidir leis an QB an liathróid a chaitheamh go dtí imreoir eile atá níos faide suas an pháirc. Ach ní féidir é seo a dhéanamh ach uair amháin i ngach “down”, agus taobh thiar den áit inar thosaigh siad. Is é seo an modh is tapúla chun an liathróid a bhogadh, ach tá sé dáinséarach freisin mar is féidir an fhoireann eile greim a bhreith ar an liathróid freisin.
  • Ag cicéail na liathróide: Nuair atá an fhoireann in aice an chúil, is féidir leo cic a thabhairt chun pointí a fháil. Agus nuair a theipeann orthu an liathróid a bhogadh 10 slat, is féidir leo cic a dhéanamh don fhoireann eile ("punting").

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]