Paula Melvin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPaula Melvin
Beathaisnéis
Breith1992
31/32 bliana d'aois
Uachtarán Conradh na Gaeilge
Feabhra 2022 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBaile an Alabhóidigh
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí teanga Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCoimisiún Fulbright
Conradh na Gaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla na hÉireann

Twitter: PaulaMelvin Instagram: paula_melvin Cuir in eagar ar Wikidata

Is uachtarán Chonradh na Gaeilge í Paula Melvin.[1][2] Is as Baile an Alabhóidigh, i mBaile Átha Cliath í.[3]

Gairm bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is de bhunadh na tuaithe in iarthar Átha Cliath í Melvin. Ba imreoir agus leasrúnaí í ar an gcumann peile Na Gaeil Óga CLG,

Agus í ag freastal ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach, bhí Melvin ina hOifigeach Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn agus ina cathaoirleach ar an gCumann Gaelach. Bhí sí ina cathaoirleach ar chraobh de chuid an Chonartha in iarthar Átha Cliath ‘Pobal Gaeilge 15’.[4]. Bhí sí ina ball coiste ar Bhuanchoiste an Chonartha, Coiste Chlub an Chonartha, Coiste Oireachtas na Gaeilge agus Coiste Stiúrtha Ógras.

Bhí sí ag obair ansinle Coimisiún Fulbright na hÉireann.

Thosaigh Melvin ag obair mar thánaiste Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2017.[5] Ceaptar gurb í an tánaiste is óige a bhí ag Conradh na Gaeilge ó bunaíodh é.

Tá sí ina ball de Choiste na Gaeilge i gComhairle Contae Fhine Gall,

Toghadh Melvin mar uachtarán Conradh na Gaeilge ar 25 Feabhra 2022 ag ardfheis Chonradh na Gaeilge.[6] Ina hóráid ghlactha,, dúirt sí :

I measc na mór-spriocanna atá agam don bhliain atá amach romhainn tá an Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta. Is gá sin a bhaint amach don Ghaeltacht gan a thuilleadh moille agus an feachtas sin a bhrú ar aghaidh go mór, le cinntiú go mbeidh pobal na Gaeltachta in ann cónaí ina gceantar féin trína dteanga féin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]