Jump to content

Paul Theroux

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPaul Theroux

(2008) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Aibreán 1941
83 bliana d'aois
Medford, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Booker Prize judge (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Massachusetts, Amherst
Ardscoil Medford Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir ábhar taistil, ollamh, léirmheastóir liteartha, úrscéalaí, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1967 –
FostóirOllscoil Náisiúnta Shingeapór Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
21 Eanáir 2004Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2004 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteMarcel Theroux, Louis Theroux Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAlbert Eugene Theroux  agus Anne Dittami
SiblínPeter Theroux agus Alexander Theroux
Gradam a fuarthas

Veu de Paul Theroux Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0857623 Allocine: 43371 Allmovie: p167432
Discogs: 2256711 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir taistil agus úrscéalaí Meiriceánach is ea Paul Edward Theroux, a rugadh ar 10 Aibreán 1941 i Medford, Massachusetts. Leabhar taistil leis, The Great Railway Bazaar, a thabhaigh aitheantas dó sa bhliain 1975. Tá a bheirt mhac, Marcel agus Louis, ina scríbhneoirí freisin, chomh maith le bheith ina léiritheoirí agus láithreoirí teilifíse sa Bhreatain Mhór. Tá beirt deartháireacha ina scríbhneoirí, mar atá Alex agus Peter Theroux. Nia leis an aisteoir Meiriceánach Justin Theroux.

Tógadh Paul in Massachusetts. Caitlicigh ab ea a mhuintir. Ceanadach Francach a bhí ina athair agus ba de shliocht Iodálach í a mháthair. Eagle scout a bhí in Paul nuair a bhí sé óg. Bhain sé céim baitsiléara amach sa Bhéarla in Ollscoil Massachusetts.

Chaith Paul tamall sa Peace Corps, ag múineadh sa Mhaláiv san Afraic Thoir. I ndiaidh dó a bheith ruaigthe den tír úd, fuair sé post mar mhúinteoir ag Ollscoil Makerere in Uganda. Thosaigh sé ag foilsiú scéalta san irisleabhar Transition sa tréimhse sin. Ina dhiaidh sin, chuir sé faoi in Ollscoil Náisiúnta Singapore. Faoi dheireadh agus an bheirt mhac saolaithe cheana acu, chuir Paul agus a bhean chéile, Anne Castle, aghaidh ar a tír dhúchais sise, Sasana. In Dorset agus i Londain a chónaigh siad. D'fhan Paul agus Anne le chéile ó 1967 go 1993.

D'éirigh Paul Theroux mór le V. S. Naipaul, scríbhneoir as an Tríonóid agus Tobága a bhí ina chónaí i Sasana freisin agus rinne tionchar ar Theroux. D'éirigh eatarthu ní ba dhéanaí. Inniu, tá cónaí ar Paul Theroux ar Maui, oileán i Haváí agus caitheann sé cuid den bhliain in Cape Cod, in Massachusetts.