Patrick Rothfuss
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Meitheamh 1973 51 bliana d'aois Madison, Wisconsin |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | University of Wisconsin–Stevens Point (en) - Béarla (–1999) Washington State University (en) - Máistir Ealaíon |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Wisconsin |
Gairm | úrscéalaí, múinteoir, scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 2007 – |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
Suíomh gréasáin | patrickrothfuss.com |
Is scríbhneoir Meiriceánach den fhantasaíocht eipiciúil é Patrick James Rothfuss (a rugadh 6 Meitheamh 1973). Tá cáil air as a shraith trí imleabhar The Kingkiller Chronicle (Croinic an Rímharfóra).[1] Glacann sé páirt Viari sna cluichí D&D beo ag comhdháil PAX (Penny Arcade EXPO).[2]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Patrick Rothfuss i Madison, Wisconsin. Fuair sé a B.S. i mBéarla ó Ollscoil Wisconsin – Stevens Point i 1999 tar éis naoi mbliana a chaitheamh ag taiscéaladh ábhar éagsúil: innealtóireacht cheimiceach, an síceolaíocht chliniciúil agus ábhair eile. Scríobh sé don nuachtáin campais The Pointer.[3] Thosaigh sé a thríológ i 1993 agus ba dhalta é.[4] An tráth sin, ghlacadh sé le trí phoist pháirtaimseartha. Chríochnaigh sé an tríológ sular chríochnaigh sé a chéim agus thosaigh sé á cur in eagar.
Fuair sé MA ag Ollscoil Washington State agus d’fhill sé ar Stevens Point mar mhúinteoir.[5] Bhuaigh sé comórtas Writers of the Future 2002 le “The Road to Levinshir” (Bóthar go Levinshir), sliocht as a úrscéal neamhfhoilsithe The Wise Man’s Fear. Bhuail sé a ghníomhaire, Matt Bialer, tar éis an ceardlann sin.[6] Ina dhiaidh sin dhíol Rothfuss a húrscéalta go DAW Books.
I 2012 chuir Rothfuss podchraoladh míosúil fantaisíochta, The Story Board, i láthair.[7]
Eagraíonn Rothfuss an charthanacht Wordbuilders agus ó 2008 bhailigh í níos mó ná $7.4 milliún, go háirithe don Heifer International, carthanacht a cuir stoc, uisce inólta, oideachas agus oiliúint ar fail do phobail sa domhan forbraíochta.[8]
Tá beirt mhic ag Rothfuss agus a chailín Sarah: “Oot” agus “Cutie Snoo”.
Scríbhneoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilsíodh The Name of the Wind i 2007. Bhuaigh an leabhar Quill Award (do Ficsean Eolaíochta, Fantasaíocht agus Uafás) i 2007 agus Alex Award i 2008 agus bhí sé ar an liosta “Books of the Year” le Publishers Weekly.[9]
I 2011 foilsíodh The Wise Man’s Fear. Shroich an leabhar an barr den New York Times Hardback Fiction Bestseller List.[10]
D’fhoilsigh Rothfuss an nóibhille The Slow Regard of Silent Things i 2014, scéal faoi Auri, carachtar as domhan an Rímharfóir. Sa scéal sin nocht Rothfuss an ainm den domhan sin, Temerant.
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Kingkiller Chronicle (Croinic an Rímharfóra).
- The Name of the Wind (Ainm na Gaoithe), Aibreán 2007
- The Wise Man’s Fear (Faitíos an tSaoi), Márta 2011
- The Doors of Stone (Doirse na Cloiche), a bheith ar fáil.
Eile
- The Slow Regard of Silent Things (Aithniú Foighneach Rudaí Ciúine), Deireadh Fómhair 2014.
- The Lightening Tree (Crann Tintrí) – gearrscéal suite i domhan an Rímharfóir le páirt ag Bast (Meitheamh 2014) i Rogues (Rógairí) curtha in eagar ag George R.R. Martin agus Gardner Dozois.
- The Adventures of the Princess and Mr Whiffle, part one: The Thing Beneath the Bed (Eachtraí an Bhanphrionsa agus an Whiffleach, cuid a haon: An Rud Faoin Leaba).
- The Adventures of the Princess and Mr Whiffle, part two: The Darkness of Deep Below (Eachtraí an Bhanphrionsa agus an Whiffleach, cuid a dó: An Dorchadas i nDoimhneacht Thíos)
- Your College Survival Guide, 2005.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Teideal neamhoifigiúil á úsáid.
- ↑ http://blog.patrickrothfuss.com/2014/09/thirty-years-of-dd/ Curtha i gcartlann 2016-05-21 ar an Wayback Machine. Béarla
- ↑ http://www.uwsp.edu/pointeronline/Pages/default2.aspx Curtha i gcartlann 2015-06-21 ar an Wayback Machine. Béarla
- ↑ https://www.goodreads.com/author/show/108424.Patrick_Rothfuss. Béarla
- ↑ http://www.patrickrothfuss.com/content/author.asp Curtha i gcartlann 2015-06-07 ar an Wayback Machine Béarla
- ↑ http://greenburger.com/client/patrick-rothfuss/ Curtha i gcartlann 2015-04-24 ar an Wayback Machine Béarla
- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=52khu_YJAmo&list=PL7atuZxmT957LDLBa4uMnJc8k6m5I1ZBz Béarla
- ↑ https://worldbuilders.org/our-story/history/; https://www.heifer.org/. Béarla
- ↑ http://en.wikipedia.org/wiki/Quill_Award; http://en.wikipedia.org/wiki/Alex_Awards; http://www.publishersweekly.com/pw/print/20071105/14780-pw-s-best-books-of-the-year.html. Béarla
- ↑ http://www.nytimes.com/best-sellers-books/2011-03-20/hardcover-fiction/list.html. Béarla