Partanaigineas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fás orgánaigh ón ubh gan toirchiú ag gaiméit fhireann (speirm). Uibheacha a fhásann mar seo, bíonn siad dioplóideach (le dhá fhoireann crómasóm) de ghnáth, agus comhionann leis an máthair ó thaobh na géinitice. Tá cuid mhaith orgánach, cosúil le míolta gorma, a théann trí chuid mhaith glúinte partanaigineacha baineanna, ach a tháirgeann fireannaigh agus a atáirgeann go gnéasach nuair a tharlaíonn coinníollacha deacra comhshaoil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Partanaigineas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 507.