Palantir Technologies
| Ainmnithe in ómós | Palantír (en) | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Sonraí | |||||
| Cineál | gnó defense contractor (en) fiontar cuideachta phoiblí | ||||
| Foirm dlí | cuideachta phoiblí | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 2003 | ||||
| Bunaitheoir(í) | Peter Thiel, Joe Lonsdale, Stephen Cohen, Alex Karp agus Nathan Gettings (en) | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Ball de | Gaia-X BITKOM American Chamber of Commerce in Germany e.V. | ||||
| Stocmhalartán | (NYSE PLTR) | ||||
| Saothar suntasach |
| ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú (2026–) | |||||
| Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Alex Karp | ||||
| Líon fostaithe | 2,920 (2021) | ||||
| Úinéir | Alex Karp (1110%). Peter Thiel (810%). The Vanguard Group (en) BlackRock (350%). | ||||
| Fochomhlacht | |||||
| Cuid de | Russell 1000 Index (en) S&P 100 list of companies involved in the Gaza war (en) NASDAQ-100 | ||||
| Táscaire eacnamaíoch | |||||
| Ioncam iomlán | 2,866 M$ (2024) | ||||
| Glanbhrabús | 462 M$ (2024) | ||||
| Suíomh gréasáin | palantir.com | ||||
Is comhlacht bogearraí é Palantir Technologies, a théann d'olltiomsú sonraí agus ollfhaireachas, agus a dhéanann mianadóireacht sonraí. Ba é Peter Thiel a bhunaigh an comhlacht sa bhliain 2003. Ba iad na chéad infheistíochtaí a rinneadh sa chomhlacht ná $2 mhilliún ó tháinig In-Q-Tel (dream de chuid an CIA a phléann le caipiteal fiontair), agus $30 milliún ó Thiel é féin agus a ghnólacht caipitil fiontair, Founders Fund.
Tá go leor conspóide ag baint le Palantir. Mar shampla, bhí nasc ag an gcomhlacht leis an scannal Cambridge Analytica in 2018.[1]
Soláthraíonn an comhlacht gléasanna intleachta saorga don tionscal míleata, agus d'arm Iosrael go háirithe. Sa bhliain 2024, mhéadaigh tacaíocht Palantir d'arm Iosrael nuair a shínigh siad comhpháirtíocht straitéiseach, rud a tharraing conspóid ollmhór.

In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Nollag 2024, cuireadh Eoin Hayes, TD do Chuan Bhaile Átha Cliath Theas, ar fionraí ó pháirtí parlaiminte na nDaonlathaithe Sóisialta. Dhíol sé a chuid scaireanna in Palantir, a bhí faighte aige mar chuid dá fhostaíocht leis an gcomhlacht, i mí Iúil 2024, mí tar éis é bheith tofa chuig Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath.[2]
In 2024, thuairiscigh Palantir Technologies iomlán astaíochtaí thart ar 23.0 milliún kg CO₂e, comhdhéanta de thart ar 22,000 kg CO₂e (Scóip 1), 1.83 milliún kg CO₂e (Scóip 2 bunaithe ar an margadh) agus 21.16 milliún kg CO₂e (Scóip 3), agus an taisteal gnó agus earraí agus seirbhísí ceannaithe mar na catagóirí is mó i Scóip 3. Tá sprioc socraithe ag Palantir chun a hastaíochtaí comhlán gás ceaptha teasa a laghdú trasna gach scóip faoi 4.2% i dtéarmaí iomlána ó bhunlíne 2019 go 2023, ach tugann DitchCarbon faoi deara nach bhfuil sprioc glan-nialasach ná spriocanna aeráide ar leith do 2030/2050 glactha ag an gcuideachta fós sna creatlanna a dhéanann sé monatóireacht orthu.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Facebook–Cambridge Analytica data scandal" (as en) (2024-12-08). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-12-10). "TD nuathofa Eoin Hayes ar fionraí ag na Daonlathaithe Sóisialta" (as ga-iE).
- ↑ "Palantir Technologies Emissions Breakdown & Climate Score | DitchCarbon" (en). ditchcarbon.com. Dáta rochtana: 2025-11-18.
| Is síol faoin ghnó é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |