Paistéarachán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teaschóireáil chaoin a úsáidtear chun miocrorgánaigh i mbainne a mharú. Téitear an bainne go dtí 63-65 °C agus coimeádtar ag an teocht sin ar feadh 30 nóiméad é, sin nó téitear an bainne go dtí 72 °C agus coimeádtar mar sin é ar feadh 15 soicind. Milleann sé seo na baictéir phataigineacha agus fadaíonn seilfré an bhainne. D'fhionn an baictéareolaí Francach Louis Pasteur an próiseas seo, agus ainmníodh as é.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Paistéarachán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 504.