Jump to content

An tSean-Chlochaois

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Pailéiliteach)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn tSean-Chlochaois
Íomhá
Cineálré seandálaíochta
tréimhse stairiúil
cultúr Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn Chlochaois agus an Éigipt Réamhstairiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse4 milliún bliain RCh - 13 mílaois "RCh"
← luach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna


Is éard é an tSean-Chlochaoisan Ré Phailéiliteach ná an tréimhse réamhstairiúil de stair an duine, sonraithe ag forbairt bun-uirlisí cloiche, atá aimsithe againn,[1] agus a chlúdaíonn thart ar 99% de thréimhse réamhstair theicneolaíoch an duine. Síneann sí ón úsáid is luaithe d'uirlisí cloiche, is dócha ag homininí: mar shampla Australopithecine, 2.6 milliún bliain ó shin, go dtí deireadh na Pléisticéiní thart ar 10,000 RC.

Fo-roinneadh an chlochaois i ré Phailéiliteach (seanchlochaois, tréithrithe le clocha scealptha) is ré Neoiliteach (nua-chlochaois, tréithrithe ag uirlisí snasta cloiche) ag an seandálaí Sasanach John Lubbock ina leabhar Prehistoric Times (Aoiseanna Réamhstairiúla, 1865). Tugadh an ré Mhéisiliteach ar an 5 mhílaois díreach i ndiaidh an mhóroighrithe seo caite (timpeall 10,000 bliain ó shin) ag an am sin freisin.

Leanann an Mhéisiliteach an Ré Phailéiliteach. Féadfaidh dáta na teorann Páiléilití-Méisilití a bhéith éagsúil, chomh mór le cúpla míle bliain, in ionaid éagsúla. Sa Sean-Chlochaois a bhí Éire fós faoi bhrait oighir ach iad ag cúlú de réir a chéile. Níl aon fhianaise, áfach, i leith daoine a bheith ag maireachtáil in Éirinn ag an bpointe seo.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Mód I agus II de chuid Grahame Clark