Pailm siúcra
Cuma
Is éard is pailm siúcra ann ná crann a fhásann 12 m ar airde, dúchasach don Mhalaeisia. Na duilleoga 1-1.5 m ar fhad, cleiteach airgeadach faoina mbun. Agus í fásta, fásann bláthraí ó bharr go bun an stoic, agus faigheann an stoc bás de réir mar a chailltear na bláthraí. Faightear siúcra ón sú a ritheann go flúirseach nuair a ghearrtar na bláthraí óga.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pailm siúcra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 503.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |