Pailm ratáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ball de ghné mhór plandaí trópaiceacha dreapaire le gais an-fhada chaola suas le 180 m ar fhad. Dreapann siad trí spíonta crúcacha ag barra is ar mheáneasnacha na nduilleog cleiteach a ghreamaíonn don fhásra mórthimpeall agus do ghais tacaíochta is iad ag fás suas. Scamhtar na gais chun cánaí ratáin a dhéanamh, a úsáidtear i dtroscán, ciseáin is earraí eile. Úsáidtear iad i gcána láidir malacca i gcomhair bataí siúil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Pailm ratáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 503.