Pailéamaighnéadas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Caomhnaítear maighnéadas i gcarraigeacha ina bhfuil mianraí le hiarann iontu, cosúil le maighnéidít is haemaitít. Bíonn na fearainn inmheánacha mhaighnéadacha sna carraigeacha treoshuite le treo réimse mhaighnéadach an Domhain ag an am a fosaíodh iad trí mhoirtiú, criostalú magma, nó imoibriú ceimiceach. Trí threo an mhaighnéadais iontaisithe seo a thomhas, is féidir domhanleithead na háite sin is ionaid na mol ar Domhan a dhéanamh amach don am a fosaíodh iad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Pailéamaighnéadas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 502.