Jump to content

Paetongtarn Shinawatra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaa Oirircis Cuir in eagar ar Wikidata
Paetongtarn Shinawatra

(2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(th) แพทองธาร ชินวัตร Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Lúnasa 1986
38 bliana d'aois
Bancác (an Téalainn)
31 Príomh-Aire na Téalainne
16 Lúnasa 2024 –
← Srettha Thavisin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachThai Chinese (en) Aistrigh
ReiligiúnTheravāda (en) Aistrigh
Scoil a d'fhreastail sé/síNational Defence College of Thailand (en) Aistrigh (2024–)
Mater Dei School (en) Aistrigh
Saint Joseph Convent School (en) Aistrigh
Ollscoil Surrey - Máistir Eolaíochta
Ollscoil Chulalongkorn - Bachelor of Political Science (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilMáistir Eolaíochta
Áit chónaitheChan Song Lar House (en) Aistrigh
Phitsanulok Mansion (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Téalainnis
LámhcheannasDeasógacht
Dath súileDubh
Dathán gruaigeGruaig dhubh
Gníomhaíocht
Réimse oibreReal property (en) Aistrigh, óstán, áilleacht agus rialtas
Suíomh oibre Bancác Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, duine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirMcDonald's Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPheu Thai Party (en) Aistrigh (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Téalainnis agus Béarla
Teaghlach
TeaghlachShinawatra family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéilePitaka Suksawat (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairThaksin Shinawatra  agus Potjaman Na Pombejra
SiblínPanthongtae Shinawatra agus Pintongtha Shinawatra
Duine muintearthaYingluck Shinawatra (aintín ar thaobh an athar)
Somchai Wongsawat (uncle-in-law (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm16440620 Twitter: ingshin Instagram: ingshin21 Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir agus bean gnó de chuid na Téalainne í Paetongtarn "Ung-ing" Shinawatra (a rugadh ar an 21 Lúnasa 1986). Bhí sí ar an bpríomh-aire is óige riamh sa Téalainn, 37 bliain d'aois, nuair a ceapadh i in 2024.. Tá Paetongtarm Shinawatra ina ball den pháirtí Pheu Thai, páirtí pobalach (an chaimiléireacht go smior san eagraíocht is cosúil) agus bonn taca láidir aige sa tuaisceart (Chiang Mai)[1] agus faoin tuath.

2023
Feachtas 2023
2023

Is iníon í Paetongtarm cde chuid Thaksin Shinawatra, fear gnó a bhí ina phríomh-aire é féin tráth ar an Téalainn, idir 2001 agus 2006. Bhí aintín Paetongtarm, Yingluck Shinawatra, ina príomh-aire ar an Téalainn idir 2011-2014 (cuireadh í as oifig i gcoup d'état).[2]

Tá dlúthbhaint ag muintir Shinawatra leis an saol polaitiúil agus an saol gnó sa Téalainn (a bhfuil fochomhlachtaí aige i réimse leathan earnálacha). Ach ní raibh an teaghlach saor ó smál na caimiléireachta.

Tá gnó ollmhór ag an teaghlach Shinawatra, agus bhí Paetongtarm Shinawatra páirteach sa ghnó sin, ag bainistiú na n-óstán faoi scáth an ghnó teaghlaigh go dtí 2022. Ansin chuaigh sí leis an bpolaitíocht.[2]

Reáchtáladh olltoghchán in 2023. Bhí Paetongtarm Shinawatra ag súil le páiste le linn di a bheith i mbun feachtais. Níor tháinig Pheu Thai ach sa dara háit sa toghchán, ach d’éirigh leo comhrialtas a chur ar bun le páirtithe eile, i ndiaidh d’fheisirí parlaiminte a fhaigheann tacaíocht ó Arm na Téalainne bac a chur ar an bpáirtí a bhuaigh an líon ba mhó vótaí.

Bhí Srettha Thavisin (ina ball den Pheu Thai) ina phríomh-aire ar dtús sa chomhrialtas sin in 2023. Ach bhíothas ag maíomh go raibh caimiléireacht ann, agus thug an Chúirt Uachtarach bata agus bóthar dó in 2024.

I mí Lúnasa 2024, d'éirigh le Shinawatra go leor tacaíochta a fháil i measc a cuid comhghleacaithe le go dtoghfaí í ina príomh-aire.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Chiang Mai" (as en) (2024-08-15). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-08-16). "Shinawatra tofa ina príomhaire is óige riamh ar an Téalainn" (as ga-IE).