An Téalainnis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Téalainnis
ภาษาไทย agus ภาษาไทย‎
Cineálteanga nádúrtha, teanga bheo agus teanga
Úsáid
Cainteoirí dúchais20,700,000 (2019)
Dúchasach doBanteay Meanchey Province (en) Aistrigh, Cúige Koh Kong agus an Téalainn
Stáitan Chambóid agus an Téalainn
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha de chuid na hÁise
Kra–Dai (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaThai alphabet (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheRoyal Society of Thailand (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Cóid
ISO 639-1th
ISO 639-2tha
ISO 639-3tha
Glottologthai1261
Ethnologuetha
ASCL6402
IETFth

Is í an Téalainnis (ภาษาไทย, phasa thai; AFI [pʰaːsaːtʰɑj]) teanga náisiúnta agus oifigiúil na Téalainne. Is í teanga dhúchais na dTéalannach, is é sin, an dream eitneach is mó agus is láidre sa Téalainn, agus is ceann de na teangacha Thai-Kadai í. Glactar leis gurb é deisceart na Síne ba dúchas do lucht labhartha na dteangacha seo ar dtús, agus tá ceann acu, an teanga Zhuang, á labhairt ansin i gcónaí. Tá teangeolaithe áirithe den bharúil, áfach, gur féidir go bhfuil nasc éigin idir na teangacha Thai-Kadai agus na teangacha Astrainéiseacha, na teangacha Astráiseacha nó na teangacha Sínea-Thibéadacha.

Teanga thonúil í an Téalainnis, agus ní bhaintear mórán úsáide as míreanna gramadaí inti - is teanga scoite (teanga anailíseach) í, mar sin. Tá sí ó dhúchas ag 65 mhilliún duine, ach bíonn canúintí éagsúla ann ar fud na Téalainne, cuid acu an-difriúil, agus uaireanta is deacair a rá cé acu canúint Téalainnise nó teanga ghaolmhar atá á labhairt in áit nó i réigiún áirithe. Tá an Laoisis, teanga náisiúnta Laos, an-chosúil leis an gcanúint Téalainnise a labhraítear i dtuaisceart na Téalainne, mar shampla. Is léir, áfach, go bhfuil na canúintí seo go léir ag éirí níos cosúla leis an Téalainnis chaighdeánach faoi thionchar na meán cumarsáide.

Comhartha bóthair sa Téalainn

Tá stíleanna éagsúla in úsáid sa Téalainnis: Téalainnis na sráide, an Téalainnis mhórluachach, an Téalainnis reitriciúil, an Téalainnis Ríoga agus an Téalainnis reiligiúnach. Sa Téalainnis Ríoga, úsáidtear a lán focal ón gCiméiris (teanga náisiúnta na Cambóide), agus bíonn a lán focal ó theangacha naofa an Bhúdachais - an tSanscrait agus an Pháilis - le cloisteáil sa Téalainnis reiligiúnach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]