An Chiméiris
Ciméiris ( ![]() | |
---|---|
Á labhairt: | An Chambóid, an Téalainn, an Fhrainc, an Astráil, na Stát Aontaithe, agus i dtíortha éagsúla eile |
Réigiún: | Oirdheisceart na hÁise |
Cainteoirí san Iomlán: | tuairim is 20 milliún |
Rang: | ~ |
Líne ghinealaigh: | Ostráisis -> Mon-Khmer |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | na Cambóide |
Foras Pleanála Teanga: | Rialtóir ar bith |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | km |
ISO 639-2 | khm |
ISO 639-3 | khm |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is í an Chiméiris, nó an Chambóidis, teanga oifigiúil na Cambóide. Ceann de na teangacha Astráiseacha í, cosúil leis an Vítneaimis, agus í ó dhúchas ag cúig mhilliún déag de dhaoine, a bheag nó a mhór - is deacair líon cruinn na gcainteoirí a shocrú, agus is féidir go bhfuil fiche milliún acu ann. Tá cónaí ar an gcuid is mó de na cainteoirí sa Chambóid féin, ar ndóigh, ach tá diaspóra mór ann i dtíortha eile, ar nós na Téalainne, na Fraince, na hAstráile agus na Stát Aontaithe. Tá gaol sách gar aici leis an teanga Mon, a bhí ina teanga thábhachtach in Oirdheisceart na hÁise tráth, cé go bhfuil a cuid cainteoirí scaipthe ar fud an réigiúin anois. Fuair an Chiméiris cuid mhór focal ón bPáilis agus ón tSanscrait, toisc gur teangacha tábhachtacha iad siúd i gcreideamh na tíre, an Búdachas. Is follasach go raibh an-tionchar ag teangacha beo an réigiúin ar an gCiméiris fosta, an Téalainnis agus an Vítneaimis mar shampla.
Murab ionann agus an chuid is mó de theangacha an réigiúin, ní teanga thonúil í an Chiméiris. Tá córas scríbhneoireachta dá cuid féin ag an gCiméiris, ar a dtugtar aksar khmer, agus is aibítir shiollach é.