Paetongtarn Shinawatra
Is polaiteoir agus bean gnó de chuid na Téalainne í Paetongtarn "Ung-ing" Shinawatra (a rugadh ar an 21 Lúnasa 1986). Bhí sí ar an bpríomh-aire is óige riamh sa Téalainn, 37 bliain d'aois, nuair a ceapadh i in 2024.. Tá Paetongtarm Shinawatra ina ball den pháirtí Pheu Thai, páirtí pobalach (an chaimiléireacht go smior san eagraíocht is cosúil) agus bonn taca láidir aige sa tuaisceart (Chiang Mai)[1] agus faoin tuath.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iníon í Paetongtarm cde chuid Thaksin Shinawatra, fear gnó a bhí ina phríomh-aire é féin tráth ar an Téalainn, idir 2001 agus 2006. Bhí aintín Paetongtarm, Yingluck Shinawatra, ina príomh-aire ar an Téalainn idir 2011-2014 (cuireadh í as oifig i gcoup d'état).[2]
Tá dlúthbhaint ag muintir Shinawatra leis an saol polaitiúil agus an saol gnó sa Téalainn (a bhfuil fochomhlachtaí aige i réimse leathan earnálacha). Ach ní raibh an teaghlach saor ó smál na caimiléireachta.
Tá gnó ollmhór ag an teaghlach Shinawatra, agus bhí Paetongtarm Shinawatra páirteach sa ghnó sin, ag bainistiú na n-óstán faoi scáth an ghnó teaghlaigh go dtí 2022. Ansin chuaigh sí leis an bpolaitíocht.[2]
Reáchtáladh olltoghchán in 2023. Bhí Paetongtarm Shinawatra ag súil le páiste le linn di a bheith i mbun feachtais. Níor tháinig Pheu Thai ach sa dara háit sa toghchán, ach d’éirigh leo comhrialtas a chur ar bun le páirtithe eile, i ndiaidh d’fheisirí parlaiminte a fhaigheann tacaíocht ó Arm na Téalainne bac a chur ar an bpáirtí a bhuaigh an líon ba mhó vótaí.
Bhí Srettha Thavisin (ina ball den Pheu Thai) ina phríomh-aire ar dtús sa chomhrialtas sin in 2023. Ach bhíothas ag maíomh go raibh caimiléireacht ann, agus thug an Chúirt Uachtarach bata agus bóthar dó in 2024.
I mí Lúnasa 2024, d'éirigh le Shinawatra go leor tacaíochta a fháil i measc a cuid comhghleacaithe le go dtoghfaí í ina príomh-aire.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Chiang Mai" (as en) (2024-08-15). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-08-16). "Shinawatra tofa ina príomhaire is óige riamh ar an Téalainn" (as ga-IE).