Paddy Mayne (1915-1955)
Paddy Mayne | |||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||||||||||||
Saol | |||||||||||||||||||||||
Eolas breithe | Baile Nua na hArda, 11 Eanáir 1915, 1915 | ||||||||||||||||||||||
Náisiúntacht | An Ríocht Aontaithe Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann | ||||||||||||||||||||||
Bás | Baile Nua na hArda, 14 Nollaig 1955, 1955 | ||||||||||||||||||||||
Cúis bháis | (imbhualadh tráchta) | ||||||||||||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||||||||||||
Alma mater | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste Regent House Grammar School (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||
Teangacha | an Béarla | ||||||||||||||||||||||
Gairm | |||||||||||||||||||||||
Gairm | dlíodóir, imreoir rugbaí, saighdiúir agus dornálaí | ||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||
Ionad nó speisialtacht | lock (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||
Duaiseanna | |||||||||||||||||||||||
Seirbhís mhíleata | |||||||||||||||||||||||
Brainse míleata | Arm na Breataine | ||||||||||||||||||||||
Céim | leifteanantchoirnéal | ||||||||||||||||||||||
Throid sé/sí ag | An Dara Cogadh Domhanda |
Leifteanantchoirnéal san arm de chuid na Breataine, aturnae agus imreoir rugbaí, as Baile Nua na hArda, ab ea Robert Blair "Paddy" Mayne, OSD (3 Bharra), a rugadh ar 11 Eanáir 1915 agus a fuair bás 14 Nollaig 1956.[1] Fear meáite a bhí ann, lán d'aer an tsaoil, ach bhí taobh dorcha ann mar dhuine.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Mayne i mBaile Nua na hArda, Contae an Dúin ar 11 Eanáir 1915. Céimí sa dlí de chuid Ollscoil na Banríona, Béal Feirste a cháiligh mar aturnae, bhí aithne mhaith air agus é ina mhac léinn mar fhear spóirt ildánach, ag amanna éagsúla ag dornálaíocht agus ag imirt gailf nó rugbaí. D'imir sé cúpla babhta d'Éirinn le linn na dtríochaidí agus ghlac sé páirt i gCamchuairt Leoin na Breataine go dtí an Afraic Theas sa bhliain 1938.

Na saighdiúirí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tar éis dó coimisiún cúltaca a fháil san Airtléire Ríoga, sular bhris an Dara Cogadh Domhanda amach, bhí sé ina oifigeach in aonaid fhrith-aerárthaí i dTuaisceart Éireann, sular thairg sé é féin le haghaidh seirbhís mar chománlach.
Ba é an pháirt a ghlac sé in ionsaí na gComhghuaillithe ar an Liobáin (a bhí faoi riail Vichy) i mí an Mheithimh 1941 a tharraing aird An Chaptaein David Stirling ar Mayne, ar rinneadh duine de bhunaitheoirí na hAersheirbhíse Speisialta (SAS) de. Rinne sé seirbhís san SAS go calma an chuid eile den chogadh.
Bronnadh Ord na Seirbhíse Dearscna le trí bharra, agus an Légion d'Honneur, Croix de Guerre, air. Tá go leor conspóide ann fós toisc nár bronnadh Cros Victoria air.
Aturnae[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tar éis seal gearr le Suirbhéireacht Antartach na Breataine, d'fhill Mayne ar ais go Baile Nua na hArda, a bhaile dúchais, chun an dlíodóireacht a atosú.
I mí Aibreáin 1946 rinneadh Rúnaí Dhlí-Chumann Corpraithe Thuaisceart Éireann de, post a choimeád sé an chuid eile dá shaol.
Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba alcólach déanta é. Ar meisce ar 14 Nollaig 1956, bhásaigh Mayne i dtimpiste bhóthair i mBaile Nua na hArda.[2]
Máisiún ba ea Mayne agus tá nóta beathaisnéise mionsonraithe maidir le Mayne ar an suíomh gréasáin Stair Mháisiúin na hÉireann agus Seoda an Mháisiúnachais Éireannaigh.[1]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 "Lt Col. Robert Blair 'Paddy' Mayne DSO Freemason". Irish Masonic History and the Jewels of Irish Freemasonry. Dáta rochtana: 2021-12-14.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Paddy Mayne". Dáta rochtana: 2021.