Pádraig Ó Fearghail
Beathaisnéis | |
---|---|
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea Pádraig Ó Fearghail a rinne mórán chun daoine a ghríosú chun an teanga a úsáid in Victoria na hAstráile sa dara cuid den naoú haois déag.
Rugadh é i gContae an Chláir do Bhríd Ní Chatháin agus do Mháirtín Ó Fearghail sa bhliain 1852, agus bhí sé ar thriúr ar a laghad den chlann a bhain Victoria amach. Tháinig Pádraig timpeall na bliana 1870 agus chuaigh le héadóireacht i Sráid Rubicon in Ballarat. Phós sé Ailís Ní Dhálaigh i Séipéal Naomh Proinsias in Melbourne sa bhliain 1883. Bhí siad ina gcónaí i Sráid Albert in Sebastopol, Ballarat, agus bhí deichniúr clainne orthu.
Bhíodh oícheanta airneáin ag Pádraig i gcúlseomra sa siopa, áit a léití scéalta nó filíochta i nGaeilge agus a gcíortaí stair na hÉireann. Bhíodh Pádraig ag scríobh chun a leithéidí eile in Melbourne, sa Nua-Shéalainn agus in Éirinn agus é ar a dhícheall ag áitiú ar dhaoine síntiús a thabhairt do Irisleabhar na Gaeilge. I Mí Mheán Fómhair 1902 scríobh sé litir mholta chun an gcéad chruinniú ginearálta de chraobh Melbourne de Chonradh na Gaeilge.
Cailleadh é in Sebastopol sa bhliain 1917 agus cailleadh Ailís in Cheltenham, Melbourne, sa bhliain 1922.
Tá Pádraig ina charachtar tánaisteach in Brigid, úrscéal leis an scríbhneoir Astrálach Jill Blee.[1]
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Blee, Jill (1999). Brigid. Indra Publishing. ISBN 978-0-9585805-4-0
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Noone, Val (2012). Hidden Ireland in Victoria, lgh 101-2. Ballarat Heritage Services. ISBN 978-1-876478-83-4