Orgánach
Is éard is orgánach ann, de réir sainmhíniú amháin, ná rud beo a fheidhmíonn mar aonán.[1] Is orgánaigh iad daoine, ainmhithe agus plandaí, fungais, algaí, chomh maith le miocrorgánaigh ar nós baictéar agus prótaisteach. Tá an scéal níos casta i gcás víreas, mar shampla, toisc nach bhfuil sé soiléir an rudaí beo iad. Agus i gcásanna eile, níl sé soiléir cad is “aonán” ann. Mar shampla, is cineál ainmhí mhuirí é an siofónafór atá cosúil le smugairle róin, ach tá corp an tsiofónafóir comhdhéanta as go leor zóideach atá cosúil le horgánaigh ina n-aonar, ach feidhmíonn siad le chéile mar “orgánach coilíneach” amháin.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann an téarma “orgánach” ón tSean-Ghréigis ὀργανισμός, ó órganon, focal a chiallaíonn ionstraim, uirlis, nó ball céadfach.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Mosby's Dictionary of Medicine, Nursing and Health Professions" (2017) (10th ed.): 1281. St. Louis, Missouri: Elsevier. ISBN 978-0-3232-2205-1.
- ↑ “organism (n.)”. Online Etymology Dictionary. Dáta rochtana: 11 Aibreán 2024.