Oncaigéin
Is éard is oncaigéin[1] ann ná géin a mbíonn baint aici le cilldeighilt, ach a chuireann tús le cill ailseach is sceachaill nuair a fheidhmíonn sí go mínormálta. Ciallaíonn an réimír onca(i)- baint le sceachaill i gcúrsaí míochaine. Tá géinte i ngach cill de gach gné bheo ar féidir iad a thiontú ina gcúis ailse trí athruithe dá laghad a dhéanamh orthu. Is próta-oncaigéinte iad seo, agus nuair atá siad athraithe is oncaigéinte iad. Is féidir an t-athrú seo sna géinte a bheith chomh beag le litir nó giotán amháin sa chód géiniteach ann. Is féidir nach mbeadh i gceist ach aistriú na géine ó chrómasóm amháin go crómasóm eile, ionas go n-éalaíonn sí ón meicníocht rialaithe a bhí á cóimeád faoi smacht. Mar shampla, i liomfóma Burkitt, aistriú próta-oncaigéin ó chrómasóm 8 go dtí ionad ar chrómasóm 14 gar don ghéin don imdhíonaghlóbailin is cúis leis an ailse.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““oncaigéin” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-23.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Oncaigéin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 497.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |