Olltoghchán na Polainne 1989

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Wybory 1989 grupa 4 plakatow wyborczych Wiki.jpg

Reáchtáladh Olltoghchán na Polainne ar 4 Meitheamh 1989, olltoghchán saor (beagnach) sa Pholainn don chéad uair ó 1928.[1] Murab ionann agus an cás don Ungáir (1956) agus don tSeicslóvaic (1968), níor cuireadh ina choinne, beag ná mór. Ba í an bhliain 1989 an bhliain ar bhris Oirthear na hEorpa saor.

„Solidarność”, 3 Meitheamh 1989

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Aibreáin, rinneadh an ceardchumann Solidarnosc dleathach i ndiaidh rabharta de stailceanna. Tugadh an cead d’oibrithe dul ar stailc, agus bhí iontas ann dá bharr.

27 Bealtaine 1989

Ansin bhain an chomhghuaillíocht, le Solidarnosc i mbun, toghchán na Polainne i mí an Mheithimh, Fuair siad ollbhua sa toghchán, agus 71% den vóta (sna ceantair "saor").[2]

I mí Lúnasa, cuireadh isteach rialtas neamhchumannach don chéad uair.

i mí Nollaig, rinneadh Uachtarán ar an Pholainn de Lech Walesa agus ba é an chéad cheannaire neamhchumannach é in Oirthear na hEorpa le dhá scór bliain.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]