Úsáid teicníochtaí is bogearraí bunachar ar leith chun rochtain ar shonraí roghnaithe, ó chomhlacht nó eagraíocht stáit mar shampla, chun staidéar a dhéanamh ar chlaontaí is patrúin gnó, do phleanáil an ghnó. Bíonn na sonraí seo roghnaithe chun cabhrú sa phleanáil, agus oiriúnaithe chun ceisteanna a fhreagairt in ionad idirbheartaíochtaí a dhéanamh. De ghnáth, easportáiltear na sonraí roghnaithe oiriúnaithe ó phríomhbhunachar an chomhlachta go dtí bunachar tánaisteach in ollstóráil, a dhéantar inrochtana do bhainisteoirí cuí ar leith ar fud an chomhlachta lena n-úsáid.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin ríomhaireacht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.