Rochtain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is brí leis an téarma rochtain ná teacht nó fáil a bheith agat ar chóras ríomhaireachta, ar chomhaid, ar shonraí nó eile.[1] Athleagan canúnach den bhriathar sroich/sroicheadh is ea an briathar rochtaigh/rochtain. Is é an téarma a úsáidtear le access an Bhéarla a aistriú go Gaeilge. B'fhearr, áfach, gan an iomarca úsáide a bhaint as taobh amuigh den ríomhaireacht, ós rud é gur focal mór léannta é i nGaeilge an lae inniu nach gcluinfeá i gcaint bheo na Gaeltachta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]