Oliver Sacks
Néareolaí agus scríbhneoir Briotanach, a rugadh i Londain is a d'oibrigh i Nua-Eabhrac, ba ea Oliver Wolf Sacks (9 Iúil 1933 – 30 Lúnasa 2015). Scríobh sé dosaen leabhar mar gheall ar an inchinn, an néareolaíocht agus an eolaíocht néarchórais.[1] Bhí othair a raibh suanghalar ar leith tolgtha acu faoina chúram.


Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain sé cáil amach nuair a foilsíodh a thuarascáil ar an bhfaoiseamh neamhbhuan a fuair siad tar éis L-dopa a thógáil, Awakenings (Múscailtí, 1973: rinneadh scannán de i 1990).
Cé gurb as Londain ó dhúchas dó, chaith sé cuid mhór dá shaol sna Stáit Aontaithe, áit ar éag sé ar an 30 Lúnasa 2015 agus é dhá bhliain le cois na ceithre scór.
Bhíodh mígréin ag Sacks go minic ina shaol agus cuireann sé síos ar an solas geal agus na cruthanna aisteach a d’fheiceadh sé sula mbuailfí é. Agus é ina dhochtúir óg ag obair i gclinic mígréine, chuir sé cheist ar gach othar ann faoin tsiabhránacht a tháinig lena mígréin. Go hiondúil, a dúirt sé, bhíodh faoiseamh ar na hothair nuair a chuireadh sé an cheist sin orthu — ní rabhadar tar éis admháil le haon duine go raibh siad ag feiceáil rudaí neamhghnácha ar fhaitíos go gceapfaí daoine go raibh siad craiceáilte.[2]
Nuair a bhí na ceithre scór nach mór slánaithe aige, scríobh Sacks gur bhraith sé go raibh a shaol díreach ar tí tosú, cé gur thuig sé ag an am céanna go raibh sé beagnach thart i ndáiríre. Bhí aiféala air gur chuir sé go leor "ama amú", go raibh sé fós chomh cúthail céanna is a bhí nuair a bhí sé 20 bliain d’aois, agus nach raibh sé tar éis teanga iasachta ar bith a fhoghlaim i gcaitheamh a shaoil.[1]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na leabhar is iomráití dá chuid tá Awakenings (1973), The Island of the Colorblind (Oileán na nDathdhall, 1998), Musicophilia (2007) agus Hallucinations (2012).[3]
Bailiúcháin cás-staidéar is ea roinnt mhaith acu, ina ndéanann Sacks cur síos ar chuid de na hothair ar phléigh sé leo i gcaitheamh na mblianta agus na siomptóim nó na neamhoird néareolaíocha a bhí orthu, riochtaí néareolaíochta a léirigh siomptóim neamhghnácha: uathachas, afáise, sinéistéise, agnóise, siondróm Tourette, galar Parkinson, néaltrú agus neart eile.[1]
- The Man Who Mistook His Wife for a Hat (An Fear a Thóg a Bhean Chéile in Ainriocht Hata, 1986),
fear a rug greim ar cheann a mhná agus a rinne iarracht a ceann a chur ar a cheann féin amhail is gur hata a bhí ann;
- Witty Ticcy Ray,
fear a raibh siondróm Tourette air agus a bheartaigh Haldol a ghlacadh i rith na seachtaine chun a chuid ticeanna a smachtú, ach gan é a ghlacadh ag an deireadh seachtaine d’fhonn cead a gcinn a thabhairt do na ticeanna agus an spreagadh agus an tsamhlaíocht a d’eascair astu;
- On the Move,
Dírbheathaisnéis ina chuir sé síos go macánta ar a shaol. Ba fhear é a bhí dúghafa lena chuid oibre, le cúnamh a thabhairt agus le freagraí a lorg dá othair a tháinig chuige le réimse leathan galar agus ceisteanna inchinne. Dar leis, is é an rud is tábhachtaí gur féidir le dochtúir, néareolaí ach go háirithe, a dhéanamh ná éisteacht go domhain lena othair, chun saol an othair a thuiscint agus na hathruithe atá tagtha orthu i lár tinneas a thuiscint go mion.[2]
- The Twins,
cúpla a bhí faoi mhíchumas trom meabhrach, ach a bhí in ann uimhreacha príomha móra a aithint, agus laethanta na seachtaine a cheangal go beacht le dátaí fada amach san am atá caite nó san am atá le teacht. Agus níl iontu sin ach blaiseadh beag de na carachtair shuimiúla a ndearna Sacks cur síos agus anailís orthu ina chuid shaothar; rud a rinne sé le stíl agus dea-thoil i gcónaí, dar liomsa.
- Gratitude (2015)
Sna míonna deireanacha dá shaol, agus é ag fáil bháis le hailse, scríobh Sacks trí aiste ina ndearna sé cíoradh ar a chuid smaointe agus a chuid mothúchán maidir leis an mbeatha, an tseanaois, an bás a bhí i ndán dó, agus an bás atá i ndán do gach aon duine againn. Foilsíodh na trí aiste sin sa New York Times ar dtús, agus bailíodh le chéile iad ina dhiaidh sin sa leabhar Gratitude (2015) a foilsíodh tar éis a bháis. (Tá aiste amháin eile, a scríobhadh in 2013, le fáil ag tús an leabhair).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 Caoimhín Ó Liatháin (2025-08-30). "Oidhreacht Oliver Sacks" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2025-09-18.
- 1 2 Caitríona Ní Chadhain (2019-03-13). "Is mór an mhistéir muid, an cine daonna" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2025-09-18.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Oliver Wolf Sacks". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 571.