Olga Scheps

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Olga Scheps
Olga Scheps @ 50 Years of Culture at Audi.jpg
Olga Scheps ar 11 Samhain 2012 le linn an tsearmanais "50 Jahre Kultur bei Audi
Ainm breithe Olga Scheps
Rugadh 4 Eanáir, 1986
  Moscó, An Rúis
 gairm             = pianódóir
Seánra(í) ceoil ceol clasaiceach
Gníomhach 1998 - inniu
Lipéad/lipéid RCA Red Seal (Sony Music)
Suíomh gréasáin olgascheps.de

Pianódóir Gearmanach-Rúiseach is ea Olga Scheps (rugadh í ar 4 Eanáir 1986), a bhfuil cónaí faoi láthair uirthi i gKöln,[1] an Ghearmáin.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

1986-2001: tús a saoil agus a gairm bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Olga Scheps ar 4 Eanáir, 1986, i Moscó, an Rúis, agus tháinig sí go dtí an Ghearmáin ag aois a sé. Bhí ceoil mór thimpeall uirthi agus í ag teacht i méadaíocht,  go háirithe óna hathair Ilja Scheps atá freisin ina phianódóir agus ina theannta sin ina ollamh san rannóg in Aachen, in  Hochschule für Musik und Tanz Köln. Thosaigh sí ag foghlaim an phianó ag aois a ceathair.[2]

Ag aois a dó dhéag, thosaigh sí ag obair ceolchoirme, agus cheana féin bhain sí aird an phobail amach tré a roinnt chéad duaiseanna ag comórtais Gearmanacha a bhuachaint, Jugend musiziert sa bhlian 1999 chomh maith le Jugend spielt Klassik sa bhliain 2001. Ag aois 14, den chéad uair sheinn sí ar an phianó ag an tsraith cheolchoirme Junge Elite le Coinséartó pianó Uimhir 1 le Prokofiev ag Tonhalle Düsseldorf. I ndiaidh an túis seo, lean sí ar aghaidh san tsraith ceolchoirm Best of NRW agus The Next Generation i nDortmund.[3]

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar RCA Red Seal (Sony Music):

  • Coinséartónna pianó Chopin 1 & 2 (2014)
  • Chopin (2010)
  • Russian Album (2010)
  • Schubert (2012)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]