Oileáin bhaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oileáin bhaic ar a dtugtar an Outer Barrier ó dheas den Oileán Fada

Is éard is oileáin bhaic ann ná oileáin fhada chaola nó leithinsí a bhíonn comhthreomhar leis an gcósta go ginearálta, agus scartha uaidh ag murlach nó riasc goirt. Cruthaíodh cuid mhaith díobh ar fud an Domhain nuair a d'éirigh leibhéal na farraige 5,000-6,000 bliain ó shin, ag aistriú maiseanna móra gainimh trasna na scairbhe ilchríochaí.

Timpeall 4,000 bliain ó shin chobhsaigh leibhéal na farraige go neamhbhuan, agus fuair cuid mhaith de na hoileáin bhaic na cruthanna atá orthu anois. Le míle bliain anuas tá leibhéal na farraige ag éirí arís, agus mar thoradh, na hoileáin seo ag bogadh i dtreo na mórthíre.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]