Ocenebra erinacea

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoOcenebra erinacea Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeGastropoda
OrdNeogastropoda
FineMuricidae
GéineasOcenebra
SpeiceasOcenebra erinacea Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Is moileasc mara gastrapódach san fhine Muricidae é Ocenebra erinaceus, ar a dtugtar an feannadóir nó an feannadóir Eorpach go coitianta.[1] Is lotnaid é i mbeirtreacha.

Bíonn an bhlaosc idir 8 mm agus 65 mm ar fad. Tá idir ceithre agus seacht n-easna bhorrtha ardaithe timpeall na blaoisce. Tá an bhlaosc buídhonn agus scothbhán ar an taobh istigh.[2]

Faightear an speiceas seo in uiscí na hEorpa ón Iorua go dtí an Mhuir Dhubh, agus san Aigéan Atlantach amach ó na hAsóir agus Maidéara.

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an bhfeannadóir ina leabhar clúiteach Cladaí Chonamara:

Is mallaithe an fhaocha í seo mar déanann sí scrios go leor ar éisc shliogánacha aon am a mbeidh an deis aici mar tollann sí iad lena drad géar nimhneach agus diúlann sí an bia amach le hiompú do bhoise. Timpeall le horlach go leith ar fhad atá sí agus déanamh timpeallach uirthi, agus gob biorach rinseach ar cheann di; dath bán agus dath bánbhuí go háirid a bhíos uirthi nó dath an ghainimh. Ar na poill trá in aice an mheilsceánaigh is fairsinge a d'fheicinn iad... San earrach a shíolraíos siad agus greamaíonn siad na heochraí den fheamainn in aice na cloiche. Níl aon mhaith iontu le n-ithe, ach déantar cúlbhaoití ballach díobh anois agus aríst.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Ocenebra erinacea” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-01.
  2. G.W. Tryon (1880) Manual of Conchology II, Academy of Natural Sciences, Philadelphia
  3. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.