Nochtadh (grianghrafadóireacht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grianghraf le nochtadh fada

Sa ghrianghrafadóireacht, dromchla solasíogair a chur os comhair solais faoi stiúir chun íomhá a thaifeadadh. I gcás íogaireachta ar leith, braitheann an leibhéal nochta ar dhéine an tsolais is fad an nochta, agus is gá é a shocrú i gceart chun atáirgeadh sásúil toin is datha a bhaint amach. I gceamara gan chorraí, déantar an socrú seo trí chuingriú cuí chró an lionsa is luas an chomhla a roghnú, ach i gceamara reatha is físcheamara bíonn an fad nochta tairiseach agus socraítear an leibhéal nochta le cró an lionsa. Nochtmhéadar is ea an ionstraim chun solas (an solas atá ionsaitheach ar ábhar an phictiúir nó an solas a fhrithchaitheann an t-ábhar sin) a thomhas chun cró an lionsa is fad an nochta a shocrú i leith scannáin fhótagrafaigh ar leith. Bíonn méadar mar seo ina dhlúthchuid de cheamaraí nua-aoiseacha gan chorraí is é oiriúnach don solas ó ábhar an phictiúir a thagann isteach tríd an lionsa sa cheamara, agus bíonn sé cúpláilte chun fad an nochta a shocrú go huathoibríoch. I bhfíscheamaraí, déanann comhartha ón íomhá scanta cró an lionsa a shocrú i gceart go huathoibríoch.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Nochtadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 487.