Nicola Coughlan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNicola Coughlan

(2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Eanáir 1987
37 bliana d'aois
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Calasanctius
Birmingham School of Acting (en) Aistrigh
Scoil Drámaíochta Oxford
Ollscoil na Gaillimhe
Royal Birmingham Conservatoire (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2004 –

IMDB: nm1965552 Allocine: 593173
Twitter: nicolacoughlan Instagram: nicolacoughlan Cuir in eagar ar Wikidata

Is aisteoir Éireannach í Nicola Mary Coughlan (rugadh ar an 9 Eanáir 1987 í). Tá clú agus cáil uirthi de bharr a róil mar Clare Devin sa dráma grinn suímh Derry Girls (2018-2022) agus Penelope Featherington sa dráma seanré Bridgerton (2020-anois).

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Coughlan ar an 9 Eanáir 1987 i gContae na Gaillimhe, Éire, agus tógadh í in Órán Mór. Nuair a bhí sí cúig bliana d’aois, rinne Coughlan cinneadh a bheith ina haisteoir. D’fhreastail sí ar Scoil Mhuire don bhunscoil agus ar Calasanctius College don mheánscoil. Cháiligh sí le céim sa Bhéarla agus Sibhialtacht Chlasaiceach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chuaigh sí ar aghaidh go Sasana chun traenáil a dhéanamh i Scoil Dráma Oxford agus Scoil Aisteoireachta Birmingham. Tá sí ag cur fúithi i Londain.

Gairm Bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathshaothar (2004-2017)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí sí 10 mbliana d’aois, sa bhliain 1997, bhí ról sa scéinséir aicsin My Brother’s War ag Nicola Coughlan ach níor luadh sna creidiúintí í. Sa bhliain 2004, chuir sí tús lena gairm le ról i ngearrscannán coiméide díoltais de chuid Tom Collins, The Phantom Cnut. Sna blianta ina dhiaidh sin, rinne sí saothair ghutha éagsúla i sraitheanna beochana.

Ag pointe áirithe, de dheasca deacrachtaí airgeadais, bhí ar Coughlan filleadh go hÉirinn. Bhí an dúlagar uirthi le linn an ama seo agus thug a muintir an-tacaíocht di. D’oibrigh sí go páirtaimseartha ag radharceolaí sa Ghaillimh. Ghlac sí páirt i dtriail aisteoireachta oscailte do Jess and Joe Forever ag The Old Vic i Londain agus d’éirigh léi príomhról Jess a bhaint amach. Bhí an chéad taispeántas i Meán Fómhair 2016, roimh thuras náisiúnta.

Úrfhuascailt (2018-anois)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2018, ghlac Coughlan ról Clare Devlin, duine de na príomhcharachtair sa tsraith Derry Girls. Tá an dráma grinn suímh seo suite i nDoire, Tuaisceart Éireann sna 1990idí. Craoladh an tsraith in Eanáir agus Feabhra 2018 ar Channel 4. Tar éis atheisiúint na sraithe ar Netflix i mí na Nollag 2018, bhí lucht féachana idirnáisiúnta agus tóir láithreach ar an gclár.

Sa bhliain chéanna, ghlac sí ról Hannah Dalton in Harlots. Mar aon leis sin, bhí an chéad ról West End aici in The Prime of Miss Jean Brodie. D’ainmnigh an Evening Standard mar “one of the Rising Stars of 2018” í. Bhí sí in iomaíocht le cuid dá comhréaltaí ó Derry Girls ar The Great British Bake Off sa bhliain chéanna freisin.

Sa bhliain 2019, fógraíodh go raibh páirt faighte ag Coughlan in Bridgerton, sraith de chuid Netflix, a cuireadh i láthair den chéad uair i Nollaig 2020. Tá an dráma seanré seo bunaithe ar leabhar sárdhíola de chuid Julia Quinn, leis an ainm céanna. Glacann Coughlan ról Penelope Featherington, débutante drogallach agus an iníon is óige i dteaghlach saibhir i Londain le linn Ré na Leasríochta.

Carthanacht agus abhcóideacht     [cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2018, nuair a bhí Coughlan ar stáitse in The Prime of Miss Jean Brodie, scríobh sí alt in The Gaurdian faoin mionscrúdú a dhéantar ar chorp na mban-aisteoirí.  An bhliain dár gcionn, bhí sí sna ceannlínte arís mar gur bhréagnaigh sí an méid a bhí le rá ag an Daily Mirror faoi ghúna a chaith sí, “not the most flattering” a dúradh faoi. “I mean incorrect @DailyMirror I look smokin’ sorry bout it” an freagra a bhí ag Coughlan orthu.

In Iúil 2020, bhailigh sí €5000 ar son Laura Lynn Hospice trí ghúna Alex Perry a chur ar ceant.

Sa bhliain 2019, thrasnaigh 28 mbean Droichead Westminster, iad ag leanúint Coughlan, rinne siad é seo chun díchoiriúlú an ghinmhillte i dTuaisceart Éireann a éileamh.  

Ar an 26 Meitheamh 2020, ghlac Coughlan agus a comhréaltaí ó Derry Girls páirt i sceitse le Saoirse Ronan le haghaidh RTÉ Does Comic Relief.

Scannánliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Teideal Ról Nótaí eile
2004 The Phantom Cnut Katie Gearr
2004-05 The Fairytaler Éagsúla Glór (Béarla)
2008 Summer of the Flying Saucer Janis Glór
2010 Simsala Grimm II: The Adventures of Yoyo and Doc Croc Éagsúla Glór (Béarla)
2011 Thor: Legend of the Magical Hammer Edda Glór
2012 Doctors Marie Callaghan Eipeasóid: "Every End Has a Start"
2012 Ivan the Incredible Lottie Glór
2018 Harlots Hannah Dalton
2018-inniu Derry Girls[1] Clare Devlin
2020 Bridgerton Penelope Featherington

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Tá i bhfad níos mó ná maoithneachas ag baint le ‘Derry Girls’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-31.