Jump to content

Nicolás Bhailís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNicolás Bhailís
Beathaisnéis
Breithc. 1548
Port Láirge Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Nollaig 1585
36/37 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmsagart, aistritheoir, aistritheoir an Bhíobla Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 16ú aois

Easpag Osraí in Eaglais na hÉireann ab ea Nicolás Bhailís (c. 1548 – 14 Nollaig 1585).[1] Thug sé leabhair urnaí agus caiticeasmaí Gaeilge isteach san Eaglais den chéad uair. Thosaigh sé ag aistriú an Bhíobla go Gaeilge, ach dúnmharaíodh é sula raibh sé in ann an obair sin a chur i gcrích.

Ba é Patrick Walsh, Easpag Phort Láirge agus Leasa Móire, a athair. Oirníodh Nicolás ina shagart sa bhliain 1567. Ceapadh é ina Sheansailéir ar Ardeaglais Phádraig, Baile Átha Cliath, in 1571 agus mar Easpag Osraí in 1578. In 1573, thosaigh sé ag aistriú an Tiomna Nua go Gaeilge. Dhúnmharaigh ball dá thréad é le scian ar 14 Nollaig 1585.[2][3] Tháinig a chúntóir Seán Ó Cearnaigh, chomh maith le Fearganainm Ó Domhnalláin agus Uilliam Ó Domhnaill, Ard-Easpaig Thuama i ndiaidh a chéile, i gcomharbacht ar an obair aistriúcháin, a cuireadh i gcrích in 1601.

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “BHAILÍS, Nicolás (c.1548–1585) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-08-09.
  2. Williams, N. J. A. (2004). “Walsh, Nicholas (d. 1585)”. Oxford Dictionary of National Biography. Oxford University Press. doi:10.1093/ref:odnb/28615.
  3. Ware, Sir James, translated by Walter Harris (1736 edn). Writers of Ireland (Dublin: Ebenezer Rider): "Nicholas Walsh, Bishop of Ossory, writ Learned Sermons in Latin, yet extant in his own Hand Writing. He also attempted the translation of the New Testament, into Irish about the Year 1573, but his Design was Prevented by a horrid Murther committed on him in 1585." (Chap. XII).