Uilliam Ó Domhnaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaUilliam Ó Domhnaill
Beathaisnéis
Breith16 haois
Cill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Iúil 1628

Tuaim Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaArdeaglais Naomh Muire, Tuaim Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMuintir na hÉireann
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsagart Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois
TeangachaAn Ghaeilge

Ministir de chuid Eaglais na hÉireann ab ea Uilliam Ó Domhnaill, DD. Ba é Ard-Easpag Thuama ó 1609 go dtí a bhás sa bhliain 1628.[1][2]

I gCill Chainnigh a rugadh é. Bhí sé ar dhuine de na chéad Scoláirí a ceapadh i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus ina dhiaidh sin, duine de na chéad Chomhaltaí de chuid an choláiste. Le linn a thréimhse i gColáiste na Tríonóide, chuaigh sé i mbun pinn ag aistriú an Tiomna Nua go Gaeilge. Nicolás Bhailís (Easpag Osraí), Seán Ó Cearnaigh (Cisteoir Ardeaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath), agus Fearganainm Ó Domhnalláin (Ardeaspag Thuama) a chuir tús leis an saothar seo agus cuireadh i gcló sa bhliain 1602 é.[3] Chuir Ó Domhnaill Gaeilge ar Leabhar na hUrnaí Coitinne freisin, aistriúchán a foilsíodh sa bhliain 1608.[4]

Ceapadh ina phreibindire in Ardeaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath i 1591 é, agus ina Chisteoir ar an ardeaglais i 1609.[5] Ainmníodh é ina Ardeaspag ar Thuaim ar 28 Meitheamh agus coisriceadh é i mí Lúnasa 1609. Tar éis dó a bheith ina ardeaspag, lean sé ina ról mar chisteoir in commendam. Fuair sé bás i dTuaim ar 11 Iúil 1628, agus cuireadh é sa tuama céanna leis an ardeaspag go díreach roimhe, Fearganainm Ó Domhnalláin, in Ardeaglais Naomh Muire, Tuaim.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó DOMHNAILL, Uilliam (c.1573–1628) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Fryde, E. B. (1986). "Handbook of British Chronology" (3rd ed.). Cambridge: Cambridge University Press. ISBN 0-521-56350-X. 
  3. William O'Domhnuill's (Daniel's) Translation of the New Testament into Irish. Retrieved on 2 April 2010.
  4. The Irish translation of Archbishop Daniell, and its successors. The Book of Common Prayer among the Nations of the World. Retrieved on 2 April 2010.
  5. Cotton (1848). "The Succession of the Prelates and Members of the Cathedral Bodies of Ireland: The Province of Leinster" 2: 123 and 317. Dublin: Hodges and Smith. 
  6. Cotton (1850). "The Succession of the Prelates and Members of the Cathedral Bodies of Ireland: The Province of Connaught" 4. Dublin: Hodges and Smith.