Niall Horan
(2023) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (en) Niall James Horan 13 Meán Fómhair 1993 32 bliana d'aois An Muileann gCearr, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Ainm cleite | Nialler, Neil |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Mhuire, An Muileann gCearr |
| Teanga dhúchais | Béarla |
| Airde | 1.73 m |
| Lámhcheannas | Ciotógacht |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | amhránaí, giotáraí, cumadóir amhrán, amhránaí is scríbhneoir |
| Tréimhse oibre | 2010 – |
| Ball de | One Direction (2010–2016) |
| Seánra | Popcheol, pop rac agus popcheol tíre |
| Teangacha | Béarla |
| Glanfhiúchas | 46,000,000 £ (11 Bealtaine 2018) |
| Uirlis | Ceol gutha, giotár agus pianó |
| Lipéad ceoil | Columbia Records Capitol Records |
| Spórt | galf sacar |
| Teaghlach | |
| Páirtí | Hailee Steinfeld (2017–2018) |
Gradam a fuarthas | |
| Suíomh gréasáin | niallhoran.com |
Is ceoltóir Éireannach é Niall James Horan. Rugadh i Muileann gCearr é ar an 13 Meán Fómhair 1993. Tháinig sé sa tríú háit ar an seachtú sraith de The X Factor sa bhliain 2010, agus tá sé ina bhall den ghrúpa One Direction.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad Bobby Horan agus Maura Gallagher a thuismitheoirí. Colscaradh a thuismitheoirí nuair a bhí sé cúig bliana d'aois. Tá deartháir níos sine aige darb ainm Greg Horan. Bhí asma air agus é ina leanbh. D’fhreastail sé ar St. Kennedy's N.S. agus Choláiste Mhuire. Mhúin sé dó féin conas an giotár a sheinm in aois a haon déag.
Ag sé bliana déag d’aois, chuaigh sé le haghaidh éisteachta ar X Factor. Fuair sé trí “Tá” agus bhí sé tríd go dtí an campa. Cuireadh Horan i ngrúpa buachaillí le Harry Styles, Louis Tomlinson, Zayn Malik agus Liam Payne ar a dtugtar One Direction. Chríochnaigh One Direction sa tríú háit i gcluiche ceannais an X Factor. Tar éis dóibh a gcúigiú halbam a eisiúint, chuaigh an grúpa buachaillí ar sos.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]2010: The X Factor
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2010 ag aois a sé déag, thriail Horan don seachtú sraith The X Factor i mBaile Átha Cliath. Chas sé an t-amhrán "So Sick".
2010–16: Dul chun cinn le One Direction
[cuir in eagar | athraigh foinse]2016-: Flicker
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'eisigh Horan a chéad singil "This Town" ar an 29 Meán Fómhair 2016. Shroich an singil uimhir a 6 sna cairteacha in Éirinn, uimhir a 9 sa Ríocht Aontaithe agus uimhir a 20 sna Stáit Aontaithe. D'eisigh Horan a dara singil "Slow Hands" ar an 4 Bealtaine 2017. Shroich an t-amhrán uimhir a 3 in Éirinn, uimhir a 7 sa Ríocht Aontaithe agus uimhir a 21 sna Stáit Aontaithe.
Thosaigh Horan ar a chéad chamchuairt, Flicker Sessions 2017, ar an 29 Lúnasa 2017 ag an Olympia Theatre i mBaile Átha Cliath. D'eisigh Niall a chéad albam Flicker ar an 20 Deireadh Fómhair 2017 agus chuaigh sé díreach go uimhir 1 in Éirinn, An Ísiltír agus sna Stáit Aontaithe. Thug Niall an Flicker World Tour ar camchuairt arís sa bhliain 2018.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Flicker (2017)
- Heartbreak Weather (2020)
- The Show (2023)
Saol Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is caitliceach é Horan atá mar athair baistí dá nia.
Nuair a bhí sé níos óige bhí suim aige i go leor spóirt difriúl cosúil le galf, sacar agus peil Gaelach. Sa samhradh de 2010 agus é ag imirt sacar lena chairde. Ghortaigh sé a glúin.
Scannánliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Bliain | Teideal | Ról | Nótaí | |
|---|---|---|---|---|
| 2010 | The X Factor | É féin | Iomaitheoir; Sraith 7 | |
| 2012 | iCarly | Aoi-ról; (Séasúr 6, Eipeasóid 2) | ||
| Saturday Night Live | Aoi; (Séasúr 37, Eipeasóid 18) | |||
| 2013 | One Direction: This Is Us | |||
| Saturday Night Live | Aoi; (Séasúr 39, Eipeasóid 8) | |||
| 2014 | One Direction: Where We Are – The Concert Film | |||
| Saturday Night Live | Aoi; (Séasúr 40, Eipeasóid 10) | |||
| One Direction: The TV Special | ||||
| 2017 | One Love Manchester | É féin | ||
| 2021 | Royal Albert Hall Broadcast | É féin | ||
| 2021 | The Jimmy Kimmel Show | É féin |
| Bliain | Gradam | Catagóir | Ainmniúchán | Toradh |
|---|---|---|---|---|
| 2016 | BMI London Awards | Pop Award Songs | "Night Changes" | Bua |
| 2017 | People's Choice Awards | Favorite Breakout Artist | Niall Horan | |
| iHeartRadio Music Awards | Best Solo Breakout | Ainmniúchán | ||
| Radio Disney Music Awards | Best Male Artist | Bua | ||
| iHeartRadio Much Music Video Awards | Fan Fave International Artist or Group | |||
| Teen Choice Awards | Choice Song: Male Artist | "Slow Hands" | ||
| Choice Summer Male Artist | Niall Horan | Ainmniúchán | ||
| Telehit Awards | Video in English | "Slow Hands" | Bua | |
| BMI London Awards | Pop Award Songs | "This Town" | ||
| American Music Awards | New Artist of the Year | Niall Horan | ||
| 2018 | Global Awards | Best Song | "Slow Hands" | Ainmniúchán |
| Best Male | Niall Horan | |||
| Best Pop | ||||
| iHeartRadio Music Awards | Best New Pop Artist | Bua | ||
| Best Solo Breakout | Ainmniúchán | |||
| Best New Artist | ||||
| Best Lyrics | "Slow Hands" | Bua | ||
| Best Cover Song | "Issues" | Ainmniúchán | ||
| BMI Pop Awards | Award Winning Songs | "Slow Hands" | Bua | |
| "This Town" | ||||
| SOCAN Awards | Pop Music Awards | "Slow Hands" | ||
| Teen Choice Awards | Choice Male Artist | Niall Horan | Ainmniúchán | |
| Choice Summer Male Artist | ||||
| Choice Summer Tour | Flicker World Tour | |||
| BMI London Awards | Pop Award Songs | "Slow Hands" | Bua | |
| Hollywood Music in Media Awards | Original Song – Animated Film | "Finally Free" | Ainmniúchán |
Camchuairteanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Flicker Sessions 2017
- Flicker World Tour
- The Show World Tour 2023