Niall Ó Gallchóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNiall Ó Gallchóir
Beathaisnéis
Breith1981
41/42 bliana d'aois
Dùn Èideann, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ghlaschú Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreScottish literature (en) Aistrigh agus iriseoireacht tuairimíochta
Suíomh oibre Albain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, file, aistritheoir, iriseoir tuairime, scoláire liteartha, literary scholar (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaGaeilge na hAlban agus Béarla

Twitter: BBCNiallOG Cuir in eagar ar Wikidata

Is iriseoir, aistritheoir, agus file Albanach é Niall Ó Gallchóir atá ina chomhfhreagraí polaitíochta do BBC Alba agus BBC Radio nan Gàidheal. Oibríonn sé ar chláracha nuachta Gaeilge na hAlban an BBC, An Là, Aithris na Maidne, agus Aithris an Fheasgair. B'é Niall an chéad comhfhreagraí a thug tuairisc ar An Là nuair a thug sé tuairisc ó ardfheis Pháirtí an Lucht Oibre na Ríocht Aontaithe i Manchain. Scríobhann sé blag ar shuíomh idirlín Naidheachdan a' BhBC (seirbhís nuachta Ghaeilge na hAlban an BBC).[1]

Is as Dùn Èideann do Niall agus bhain sé máistreacht chéadonóracha sa Bhéarla agus Litearthacht Albanach agus PhD i Litearthacht an Bhéarla bunaithe ar shaothar an scríbhneora Alasdair Gray amach in Ollscoil Ghlaschú. Is ar Ollscoil Ghlaschú a d'fhoghlaim sé a chuid Gaeilge. Is Comhlach Taighde Oinigh de chuid Roinn Léinn Cheiltigh na hollscoile atá ann.

Chomh maith leis sin, cumann Niall filíocht Ghaeilge.[2] D'fhoilsigh CLÀR a chéad cnuasach filíochta, Beatha Ùr, i 2013. Sa chnuasach tá deich shoinéad fá dtaobh d'abhair difriúla agus cnuasach dánta níos faide fá Glaschú.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Niall O'Gallagher".
  2. "Gaelic Report". Arna gcartlann ó an bunleagan ar 17 October 2008. Aisghafa 6 November 2008.