Neocoirtéis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtNeocoirtéis
Sonraí
Laidinneocortex
Aitheantóirí
MeSHD019579
TAA14.1.09.304
A14.1.09.307
FMA62429 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/neocortex
Téarmaíocht anatamaíoch

Ciseal seachtrach na hinchinne a dtugtar an ceirbream air freisin. Tháinig ann di le déanaí i gcúrsa na héabhlóide. An chuid den inchinn ina suitear an comhfhios is an cumas chun smaointe casta a láimhseáil. An-mhór ag daoine, na huasmhamaigh is príomhaigh eile. Níos forbartha sna hainmhithe is airde, is é sin daoine, míolta móra is deilfeanna. Roinnte ina dhá leathsféar, agus gach leathsféar ina 4 chuid nó mhaothán: an maothán tosaigh, an maothán pairiatach, an maothán uisinne, is an maothán cúlphlaice. Níl aonaid feidhmiúcháin ar chor ar bith sna maotháin seo, agus tá na ceangail eatarthu casta. Tá baint ag na maotháin thosaigh le smaoineamh agus rialú ghníomhartha na colainne. Tá na maotháin phairiatacha ann i gcomhair aireachtála spásúla is sonraí néarógacha a aistriú ar fud na colainne. Tá na maotháin cúlphlaice bainteach leis an radharc.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Neocoirtéis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 482.