Neocoirtéis
Sonraí | |
---|---|
Laidin | neocortex |
Aitheantóirí | |
MeSH | D019579 |
TA | A14.1.09.304 A14.1.09.307 |
FMA | 62429 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/neocortex |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Ciseal seachtrach na hinchinne a dtugtar an ceirbream air freisin. Tháinig ann di le déanaí i gcúrsa na héabhlóide. An chuid den inchinn ina suitear an comhfhios is an cumas chun smaointe casta a láimhseáil. An-mhór ag daoine, na huasmhamaigh is príomhaigh eile. Níos forbartha sna hainmhithe is airde, is é sin daoine, míolta móra is deilfeanna. Roinnte ina dhá leathsféar, agus gach leathsféar ina 4 chuid nó mhaothán: an maothán tosaigh, an maothán pairiatach, an maothán uisinne, is an maothán cúlphlaice. Níl aonaid feidhmiúcháin ar chor ar bith sna maotháin seo, agus tá na ceangail eatarthu casta. Tá baint ag na maotháin thosaigh le smaoineamh agus rialú ghníomhartha na colainne. Tá na maotháin phairiatacha ann i gcomhair aireachtála spásúla is sonraí néarógacha a aistriú ar fud na colainne. Tá na maotháin cúlphlaice bainteach leis an radharc.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Neocoirtéis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 482.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |